Tiomna Nua

Gníomhartha 27:9-19 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

9. Bhi mórán ama curtha amú againn, agus bhí sé ag éirí contúirteach an fharraige a thaobhú ó bhí laethanta an trosctha thart cheana féin, agus mar sin thug Pól iarraidh ar chomhairle a chur orthu,

10. agus ar seisean, “A fheara, feicim nach rachaidh an t‑aistear seo thart gan dochar agus díobháil, agus nach iad an long agus a lasta amháin a bheas i mbaol dá bharr sin, ach ár mbeo féin.”

11. Ach ba mhó an aird a bhí ag an gceantúir ar fhear stiúrach agus ar shealbhóir an tsoithigh ná ar na briathra seo Phóil.

12. Agus ó nach raibh an cuan fóirsteanach leis an ngeimhreadh a chur thart ann, bhí an chuid ba mhó den chuideachta den bharúil go mb'fhearr é a fhágáil agus dul ar fharraige, ó bhí súil acu go bhféadfaidís ar dhóigh éigin dul chomh fada le Fénics, cuan de chuid na Créite, atá ina luí soir ó thuaidh agus soir ó dheas, agus an geimhreadh a chur tharstu ansin.

13. Agus nuair a bhí aithleá gaoithe aneas ann, shíl siad go raibh leo, agus thóg siad an t‑ancaire agus sheol siad leo, go dlúth do chladach na Créite.

14. Ach níorbh fhada gur thit mórghaoth anoir aduaidh orthu ó thaobh an talaimh, a dtugtar an tonnghaoth uirthi;

15. agus ó bhí an long gafa aici, gan é inár gcumas a tosach a thiontú léi, b'éigean dúinn imeacht leis an ngaoth.

16. Chuamar ar thaobh an fhoscaidh d'oileáinín a raibh Cauda mar ainm air, agus chuir sé obair mhór orainn an bád a cheangal;

17. agus nuair a bhí sé tógtha ar bord acu, rinne siad a ndícheall le cabhail na loinge a dhaingniú le téada; bhí eagla orthu ansin go mbuailfidís ar oitreacha na Syrtes, agus d'ísligh siad an rigín, agus lig siad di imeacht léi.

18. Agus ó bhíomar dár ndianchoscairt ar bharr na dtonnta, tosaíodh an lá ina dhiaidh sin ag caitheamh an lasta amach san fharraige;

19. agus an tríú lá rug siad lena lámha féin ar threalamh na loinge gur chaith thar bord é.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 27