Tiomna Nua

Gníomhartha 23:6-18 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

6. Ach chomh luath agus a d'aithin Pól go raibh cuid acu ina Sadúcéigh, agus cuid acu ina bhFairiséigh, ghlaoigh sé in ard a chinn i gceartlár na comhairle, “A bhráithre, is Fairiséach mise, agus mé de shliocht na bhFairiséach de réir folaíochta; agus cúirt á cur orm i dtaobh an dóchais agus i dtaobh aiséirí na marbh.”

7. Nuair a dúirt sé sin, d'éirigh conspóid idir na Sadúcéigh agus na Fairiséigh, agus scoilteadh an cruinniú ina dhá leath.

8. Mar deir na Sadúcéigh nach bhfuil aiséirí, ná aingeal, ná sprid ann; ach creideann na Fairiséigh iontu seo uile.

9. D'éirigh gáir mhór ansin; agus d'éirigh cuid de na scríobhaithe a bhí in aicme na bhFairiséach agus seo á mhaíomh acu, “Ní fheictear dúinn go bhfuil aon choir ar an duine seo. Cad chuige nach gcuirtí i gcás gur labhair sprid nó aingeal leis?”

10. Agus nuair a bhí an t‑achrann ag éirí dian, bhí eagla ar an treabhann go dtarraingeoidís Pól as a chéile eatarthu, agus d'ordaigh sé do na saighdiúirí dul síos agus é a ardú uathu le treise lámh agus a thabhairt isteach sa bheairic.

11. An oíche ina dhiaidh sin sheas an Tiarna lena thaobh agus dúirt sé leis, “Glac ina mhórmhisneach é, mar beidh ort fianaise a thabhairt orm sa Róimh, mar an fhianaise a thug tú orm in Iarúsailéim.”

12. Nuair a ghealaigh an lá, rinne na Giúdaigh comhcheilg agus thug siad móid agus mionn gan bia ná deoch a bhlaiseadh go raibh Pól maraithe acu.

13. Bhi corradh le daichead fear acu a bhí páirteach sa chomhcheilg seo.

14. Agus chuaigh siad chuig na hardsagairt agus na seanóirí, agus ar siad leo, “Táimid tar éis móid dhaingean a ghlacadh gan bia a bhlaiseadh go dtí go maróimid Pól.

15. Tugaigí sibhse mar sin agus tugadh an chomhairle foráileamh don treabhann é a thabhairt anuas chugaibh, ionann is dá mbeadh sibh lena chás a scrúdú níos beaichte. Agus táimidne réidh ullamh lena mharú sula dtagann sé os bhur gcomhair.”

16. Ach fuair mac dheirfiúr Phóil fios faoin luíochán sin, agus chuaigh sé isteach sa bheairic lena insint do Phól.

17. Agus ghlaoigh Pól ar dhuine de na ceantúirí, agus dúirt sé leis, “Tabhair an t‑ógfhear seo leat go dtí an treabhann, mar tá scéal aige lena insint dó.”

18. Ghlac sé leis é mar sin agus thug sé chuig an treabhann é agus dúirt sé, “D'iarr Pól an príosúnach orm an t‑ógfhear seo a thabhairt chugat, ó tá scéal aige duit.”

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 23