Tiomna Nua

Gníomhartha 19:28-37 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

28. Nuair a chuala siad sin bhí racht feirge orthu agus iad ag béiceadh in ard a gcinn, “Is mór í Artemis na nEiféiseach!”

29. Mar sin líonadh an chathair uile leis an ngleo; agus thug siad uile le chéile rúchladh isteach san amharclann, ag stróiceadh Ghaius agus Aristarcos leo, daoine as an Macadóin a bhí mar chomhthaistealaithe le Pól.

30. Bhí fonn ar Phól é féin dul isteach i measc an tslua, ach níor lig na deisceabail dó a dhéanamh;

31. agus cuid de lucht stiúrtha na hÁise, a raibh cairdeas acu leis, a chuir teachtairí chuige ag impí air gan é a bheith de dhánacht ann dul isteach san amharclann.

32. Anois bhí gach duine ann ag rá seo agus siúd in ard a chinn; mar ní raibh eagar ar an gcruinniú ná a fhios ag an mórchuid acu cad chuige ar tháinig siad i gceann a chéile.

33. Ach bhí cuid den slua ag glaoch ar Alastair, agus ba iad na Giúdaigh a chuir chun tosaigh é. Agus rinne Alastair comhartha lena láimh, agus fonn air é féin a chosaint os comhair na ndaoine.

34. Ach ní luaithe a d'aithin siad gur Ghiúdach é ná b'shiúd iad uile ag scairteadh d'aon ghuth in ard a gcinn, ar feadh dhá uair, “Is mór í Artemis na nEiféiseach!”

35. Ach nuair a bhí an slua tugtha chun suaimhnis ag an gcléireach baile, dúirt sé leo, “A fheara na hEiféise, cá bhfuil an fear nach bhfuil a fhios aige go bhfuil sé de chúram ar chathair na nEiféiseach teampall an bhandé mhóir Artemis agus an naomhchloch a thit anuas ón spéir a choimeád?

36. Agus ó nach féidir é seo uile a shéanadh, is ceart daoibh bheith socair staidéartha agus gan aon ní tobann a dhéanamh.

37. Mar tá sibh i ndiaidh na fir seo a thabhairt anseo cé nach bhfuil aon teampall sáraithe acu ná aon mhasla tugtha acu ar ár mbandia-na.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 19