Tiomna Nua

Gníomhartha 19:24-34 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

24. Mar bhí fear ann darbh ainm Demetrius, a bhí ina ghabha geal, a dhéanadh scrínte airgid d'Artemis, a thugadh obair go leor do na ceardaithe.

25. Chruinnigh sé le chéile iad, agus oibrithe eile den sórt, agus dúirt sé leo, “A fheara, tá a fhios agaibh go mbainimid a bhfuil de shaibhreas againn as an obair seo.

26. Agus feiceann sibh agus cluineann sibh ar tharla, ní san Eiféis amháin ach ar fud na hAise, go bhfuil go leor daoine ann ar mheall Pól iad leis agus ar chuir sé cluain orthu, agus é á rá nach déithe iad na lámh-dhéithe a dhéantar le lámha daoine.

27. Tá contúirt ann mar sin, ní hamháin go dtiocfaidh dímheas ar an gceird is againne ach go ndéanfar neamhní de theampall an bhandé mhóir Artemis, agus go dtiocfaidh milleadh uirthi ina gcaillfidh sí a mórgacht, an bandia sin a mbíonn muintir na hAise agus muintir an domhain uile á hadhradh.”

28. Nuair a chuala siad sin bhí racht feirge orthu agus iad ag béiceadh in ard a gcinn, “Is mór í Artemis na nEiféiseach!”

29. Mar sin líonadh an chathair uile leis an ngleo; agus thug siad uile le chéile rúchladh isteach san amharclann, ag stróiceadh Ghaius agus Aristarcos leo, daoine as an Macadóin a bhí mar chomhthaistealaithe le Pól.

30. Bhí fonn ar Phól é féin dul isteach i measc an tslua, ach níor lig na deisceabail dó a dhéanamh;

31. agus cuid de lucht stiúrtha na hÁise, a raibh cairdeas acu leis, a chuir teachtairí chuige ag impí air gan é a bheith de dhánacht ann dul isteach san amharclann.

32. Anois bhí gach duine ann ag rá seo agus siúd in ard a chinn; mar ní raibh eagar ar an gcruinniú ná a fhios ag an mórchuid acu cad chuige ar tháinig siad i gceann a chéile.

33. Ach bhí cuid den slua ag glaoch ar Alastair, agus ba iad na Giúdaigh a chuir chun tosaigh é. Agus rinne Alastair comhartha lena láimh, agus fonn air é féin a chosaint os comhair na ndaoine.

34. Ach ní luaithe a d'aithin siad gur Ghiúdach é ná b'shiúd iad uile ag scairteadh d'aon ghuth in ard a gcinn, ar feadh dhá uair, “Is mór í Artemis na nEiféiseach!”

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 19