Tiomna Nua

Gníomhartha 19:18-31 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

18. Tháinig mórán freisin a bhí ina gcreidmhigh anois, gur admhaigh agus gur fhoilsigh siad a gcleasa.

19. Agus bhí cuid mhór dá mbíodh ag cleachtadh asarlaíochta a rinne a gcuid leabhar a charnadh le chéile agus a dhó i súile an phobail; agus comhaireadh a luachsan agus measadh ar chaoga míle bonn d'airgead é.

20. Ba é sin an bláth agus an biseach a bhí ar bhriathar an Tiarna.

21. Ba i ndiaidh na n‑imeachtaí sin uile a rinne Pól rún, agus an Spiorad á threorú, an Mhacadóin agus Acáia a shiúl ar a bhealach go hIarúsailéim, agus é á rá, “I ndiaidh bheith ansin, caithfidh mé an Róimh a fheiceáil freisin.”

22. Agus chuir sé beirt dá thimirí, Timótéus agus Erastas, go dtí an Mhacadóin, agus d'fhan sé féin san Áise tamall.

23. Ba i dtrátha an ama sin a tógadh gleo nár bheag i dtaobh na Slí.

24. Mar bhí fear ann darbh ainm Demetrius, a bhí ina ghabha geal, a dhéanadh scrínte airgid d'Artemis, a thugadh obair go leor do na ceardaithe.

25. Chruinnigh sé le chéile iad, agus oibrithe eile den sórt, agus dúirt sé leo, “A fheara, tá a fhios agaibh go mbainimid a bhfuil de shaibhreas againn as an obair seo.

26. Agus feiceann sibh agus cluineann sibh ar tharla, ní san Eiféis amháin ach ar fud na hAise, go bhfuil go leor daoine ann ar mheall Pól iad leis agus ar chuir sé cluain orthu, agus é á rá nach déithe iad na lámh-dhéithe a dhéantar le lámha daoine.

27. Tá contúirt ann mar sin, ní hamháin go dtiocfaidh dímheas ar an gceird is againne ach go ndéanfar neamhní de theampall an bhandé mhóir Artemis, agus go dtiocfaidh milleadh uirthi ina gcaillfidh sí a mórgacht, an bandia sin a mbíonn muintir na hAise agus muintir an domhain uile á hadhradh.”

28. Nuair a chuala siad sin bhí racht feirge orthu agus iad ag béiceadh in ard a gcinn, “Is mór í Artemis na nEiféiseach!”

29. Mar sin líonadh an chathair uile leis an ngleo; agus thug siad uile le chéile rúchladh isteach san amharclann, ag stróiceadh Ghaius agus Aristarcos leo, daoine as an Macadóin a bhí mar chomhthaistealaithe le Pól.

30. Bhí fonn ar Phól é féin dul isteach i measc an tslua, ach níor lig na deisceabail dó a dhéanamh;

31. agus cuid de lucht stiúrtha na hÁise, a raibh cairdeas acu leis, a chuir teachtairí chuige ag impí air gan é a bheith de dhánacht ann dul isteach san amharclann.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 19