Tiomna Nua

Gníomhartha 16:4-19 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

4. Chuaigh siad mar sin ó chathair go cathair, ag tabhairt dóibh na reachtanna sin, ar tháinig na haspail agus na cruifreacha in Iarúsailéim orthu, lena gcoimeád.

5. Neartaíodh mar sin le creideamh na n‑eaglaisí, agus iad ag méadú ina líon ó lá go lá.

6. Shiúil siad mar sin réigiún Phrigia agus Galátia, ó chuir an Spiorad cosc leo ó bheith ag labhairt an bhriathair san Áise.

7. Nuair a tháinig siad os comhair Mhisia, thug siad iarraidh ar dhul go Bitinia, ach níor lig Spiorad Íosa dóibh sin a dhéanamh;

8. mar sin de, chuaigh siad thar Mhisia agus síos go Tróas.

9. Agus bhí aisling ag Pól san oíche ina bhfaca sé fear as an Macadóin ina sheasamh roimhe agus ag cur impí air agus á rá, “Tar anall go dtí an Mhacadóin agus cuidigh linn.”

10. Agus ní luaithe a bhí an aisling feicthe aige ná thugamar iarraidh ar dhul ar aghaidh linn go dtí an Mhacadóin, ag teacht ar an tuairim gur ghlaoigh Dia orainn leis an soiscéal a sheanmóireacht dóibh siúd.

11. Sheolamar mar sin ó Thróas; agus cóir linn caoldíreach go Samotrácé, agus an lá ina dhiaidh sin go Néapolis,

12. agus as sin go Filipí, príomhchathair cheantar na Macadóine, agus coilíneacht de chuid na Róimhe. D'fhanamar sa chathair sin tamall de laethanta;

13. agus lá na sabóide chuamar cois na habhann taobh amuigh den gheata, áit ar shíleamar a mbeadh teach urnaí ann; agus shuíomar ansin ag comhrá leis na mná a bhí cruinnithe le chéile.

14. Bhí ar na mná a bhí ag éisteacht linn bean a raibh Lidia mar ainm uirthi, ceannaí datha corcra as cathair Thíatíra, a bhíodh ag adhradh Dé. Bhog Dia a croise le haire a thabhairt ar an méid a bhí á rá ag Pól.

15. Nuair a baisteadh í féin agus a teaghlach, d'agair sí orainn, agus dúirt sí, “Má mheasann sibh go bhfuil mé dílis don Tiarna, tagaigí agus fanaigí i mo theachsa.” Agus níor ghlac sí le diúltú uainn.

16. Casadh orainn ar ár mbealach go teach na hurnaí banchumhal a raibh sprid fháistineachta inti a shaothraíodh mórán airgid dá máistrí agus í ag déanamh feasa.

17. Lean sí Pól agus sinne, agus í ag glaoch in ard a cinn, “Seirbhísigh an Ard-Dé mhóir iad na fir seo, a fhoilsíos daoibh slí an tslánaithe.”

18. Agus bhíodh sí á dhéanamh mórán laethanta. Ach ghoill sin ar Phól, agus thiontaigh sé thart agus dúirt sé leis an sprid, “Ordaím duit in ainm Íosa Críost teacht amach aisti.” Agus tháinig sé amach ar an bpointe.

19. Ach nuair a chonaic a máistrí-se go gcaithfidís deireadh dúile a bhaint den airgead a bhí siad ag gnóthú aisti, rug siad ar Phól agus Shailas agus tharraing siad chuig na huachtaráin iad i sráid an mhargaidh;

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 16