Tiomna Nua

Gníomhartha 16:22-38 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

22. Thug an slua ionsaí fúthu freisin; agus stróic na ceannfoirt na héadaí díobh agus d'ordaigh a mbualadh leis an tslat.

23. Agus nuair a bhí mórán buillí buailte acu orthu, chaith siad isteach i bpríosún iad, ag ordú don séiléir faire mhaith a choinneáil orthu.

24. Nuair a cuireadh ar a chúram mar sin iad, chuir sé sa chuid den phríosún ab fhaide istigh iad agus cheangail sé a gcosa sa cheap.

25. Ach i dtrátha meán oíche bhí Pól agus Sailas ag urnaí agus ag ceol ag moladh Dé, agus na príosúnaigh ag éisteacht leo,

26. agus bhí crith talaimh tobann ann, a chorraigh dúshraith an phríosúin; agus i dtobainne bhí na doirse uile ar oscailt agus na geimhle a bhí ar gach duine scaoilte.

27. Nuair a mhúscail an séiléir agus nuair a chonaic sé doirse an phríosúin ar oscailt, tharraing sé a chlaíomh agus bhí ar tí lámh a chur ina bhás féin, agus é ag déanamh go raibh na príosúnaigh i ndiaidh éalú leo.

28. Ach ghlaoigh Pól in ard a ghutha leis, “Ná déan dochar ná dolaidh duit féin, mar táimid uile go léir anseo i láthair.”

29. Agus d'ordaigh sé solas a lasadh agus rith sé isteach, agus thit sé agus é ar aon bhallchrith le heagla roimh Phól agus Shailas,

30. agus thug sé amach iad gur fhiafraigh díobh, “A fheara, cad é a chaithfeas mé a dhéanamh le teacht slán?”

31. Agus ar siadsan leis, “Creid sa Tiarna Íosa, agus slánófar thú féin agus do theaghlach.”

32. Agus labhair siad briathar Dé leis agus lena raibh sa teach.

33. Agus ghlac sé iad an tráth úd den oíche agus nigh sé a gcneácha, agus ghlac sé baiste ar an toirt, é féin agus a theaghlach.

34. Thug sé isteach chun a thí féin ansin iad, agus chuir sé bia ar bord rompu; agus bhí lúcháir air féin agus ar a theaghlach faoin gcreideamh a bhí aige i nDia.

35. Ach nuair a ghealaigh an lá, chuir na ceannfoirt a ngiollaí bata uathu, á rá, “Scaoil na fir úd.”

36. Agus thug an séiléir tuarascáil na mbriathra sin do Phól, agus dúirt sé, “Tá na ceannfoirt i ndiaidh scéal a chur chugam sibh a scaoileadh; tagaigí oraibh amach mar sin agus imígí libh go slán síochánta.”

37. Ach ba é an focal a labhair Pól leo, “Tá siad i ndiaidh ár mbuailte os comhair an phobail; agus ar mhian leo anois ár gcur díobh gan fhios? Agus ní hé sin amháin é ach ár gcur i bpríosún, sinne atá inár saoránaigh Rómhánacha nár cruthaíodh aon choir inár n‑éadan? Ní hea! A chead acu teacht iad féin agus ár dtreorú amach as.”

38. Thug na giollaí tuarascáil na mbriathar sin do na ceann­foirt, agus bhí a sá eagla orthu nuair a chuala siad gur shaoránaigh Rómhánacha iad;

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 16