Tiomna Nua

Gníomhartha 16:19-27 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

19. Ach nuair a chonaic a máistrí-se go gcaithfidís deireadh dúile a bhaint den airgead a bhí siad ag gnóthú aisti, rug siad ar Phól agus Shailas agus tharraing siad chuig na huachtaráin iad i sráid an mhargaidh;

20. agus thug siad os comhair na gceannfort iad agus dúirt siad leo, “Is Giúdaigh iad na fir seo agus tá ár gcathair á cur trí chéile acu.

21. Molann siad dúinn glacadh le nósanna nár dhleathach dúinne a nglacadh ná a gcleachtadh ó táimid inár Rómhánaigh.”

22. Thug an slua ionsaí fúthu freisin; agus stróic na ceannfoirt na héadaí díobh agus d'ordaigh a mbualadh leis an tslat.

23. Agus nuair a bhí mórán buillí buailte acu orthu, chaith siad isteach i bpríosún iad, ag ordú don séiléir faire mhaith a choinneáil orthu.

24. Nuair a cuireadh ar a chúram mar sin iad, chuir sé sa chuid den phríosún ab fhaide istigh iad agus cheangail sé a gcosa sa cheap.

25. Ach i dtrátha meán oíche bhí Pól agus Sailas ag urnaí agus ag ceol ag moladh Dé, agus na príosúnaigh ag éisteacht leo,

26. agus bhí crith talaimh tobann ann, a chorraigh dúshraith an phríosúin; agus i dtobainne bhí na doirse uile ar oscailt agus na geimhle a bhí ar gach duine scaoilte.

27. Nuair a mhúscail an séiléir agus nuair a chonaic sé doirse an phríosúin ar oscailt, tharraing sé a chlaíomh agus bhí ar tí lámh a chur ina bhás féin, agus é ag déanamh go raibh na príosúnaigh i ndiaidh éalú leo.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 16