Tiomna Nua

Gníomhartha 16:16-28 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

16. Casadh orainn ar ár mbealach go teach na hurnaí banchumhal a raibh sprid fháistineachta inti a shaothraíodh mórán airgid dá máistrí agus í ag déanamh feasa.

17. Lean sí Pól agus sinne, agus í ag glaoch in ard a cinn, “Seirbhísigh an Ard-Dé mhóir iad na fir seo, a fhoilsíos daoibh slí an tslánaithe.”

18. Agus bhíodh sí á dhéanamh mórán laethanta. Ach ghoill sin ar Phól, agus thiontaigh sé thart agus dúirt sé leis an sprid, “Ordaím duit in ainm Íosa Críost teacht amach aisti.” Agus tháinig sé amach ar an bpointe.

19. Ach nuair a chonaic a máistrí-se go gcaithfidís deireadh dúile a bhaint den airgead a bhí siad ag gnóthú aisti, rug siad ar Phól agus Shailas agus tharraing siad chuig na huachtaráin iad i sráid an mhargaidh;

20. agus thug siad os comhair na gceannfort iad agus dúirt siad leo, “Is Giúdaigh iad na fir seo agus tá ár gcathair á cur trí chéile acu.

21. Molann siad dúinn glacadh le nósanna nár dhleathach dúinne a nglacadh ná a gcleachtadh ó táimid inár Rómhánaigh.”

22. Thug an slua ionsaí fúthu freisin; agus stróic na ceannfoirt na héadaí díobh agus d'ordaigh a mbualadh leis an tslat.

23. Agus nuair a bhí mórán buillí buailte acu orthu, chaith siad isteach i bpríosún iad, ag ordú don séiléir faire mhaith a choinneáil orthu.

24. Nuair a cuireadh ar a chúram mar sin iad, chuir sé sa chuid den phríosún ab fhaide istigh iad agus cheangail sé a gcosa sa cheap.

25. Ach i dtrátha meán oíche bhí Pól agus Sailas ag urnaí agus ag ceol ag moladh Dé, agus na príosúnaigh ag éisteacht leo,

26. agus bhí crith talaimh tobann ann, a chorraigh dúshraith an phríosúin; agus i dtobainne bhí na doirse uile ar oscailt agus na geimhle a bhí ar gach duine scaoilte.

27. Nuair a mhúscail an séiléir agus nuair a chonaic sé doirse an phríosúin ar oscailt, tharraing sé a chlaíomh agus bhí ar tí lámh a chur ina bhás féin, agus é ag déanamh go raibh na príosúnaigh i ndiaidh éalú leo.

28. Ach ghlaoigh Pól in ard a ghutha leis, “Ná déan dochar ná dolaidh duit féin, mar táimid uile go léir anseo i láthair.”

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 16