Tiomna Nua

Gníomhartha 15:39-41 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

39. Agus d'éirigh achrann searbh eatarthu, i dtreo gur scar siad le chéile; ghlac Barnabas Marcas le bheith leis agus sheol sé leis go dtí an Chipir,

40. ach thogh Pól Sailas, agus d'imigh seisean, agus na bráithre á chur faoi choimirce ghrásta Dé.

41. Agus shiúil sé ar fud na Síre agus Cilicia, ag neartú leis na heaglaisí.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 15