22. Tuigeadh ansin do na haspail agus do na cruifreacha, maraon leis an eaglais uile, nár mhiste fir a thoghadh as a measc féin agus a gcur go hAntíoc i gcuideachta Phóil agus Bharnabais. Agus chuir siad Iúdás dá ngairtí Barsabas agus Sailas, a bhí ina gceannairí i measc na mbráithre,
23. agus iad ag iompar na litreach seo leanas: “Cuireann na bráithre, idir na haspail agus na cruifreacha, a mbeannacht chuig na bráithre de na Gintlithe atá in Antíoc agus sa tSír agus i gCilicia.
24. Ó tháinig scéal chugainn go bhfuil daoine áirithe dínne i ndiaidh buairt a chur oraibh lena mbriathra, agus bhur n‑intinn a shuaitheadh, siúd is nár ordaíomar dóibh aon ní den sórt a dhéanamh,
25. tuigeadh dúinn nár mhiste teacht le chéile agus daoine a thoghadh agus a chur chugaibh i gcuideachta ár ndilchairde Barnabas agus Pól,
26. beirt a chuir a mbeo i gcontúirt ar son ár dTiarna Íosa Críost.
27. Táimid i ndiaidh Iúdás agus Sailas a chur chugaibh mar sin, agus gheobhaidh sibh an scéal céanna ina mbéalsan.
28. Mar is é a tuigeadh don Spiorad Naomh agus dúinne nár chóir aon tromualach a chur oraibh thar an méid sin a bhfuil riachtanas leis:
29. sibh ag staonadh ónar íobraíodh d'íola agus ó fhuil agus ónar tachtadh agus ó mhígheanmnaíocht. Is maith a dhéanfaidh sibh ach fanacht amach uathu san. Slán agus beannacht agaibh.”