Tiomna Nua

Gníomhartha 15:2-20 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

2. Agus ó nár bheag an corraí agus an chonspóid a bhí ag Pól agus ag Barnabas leo, ceapadh Pól agus Barnabas agus daoine leo as an gcuid eile le dul suas go hIarúsailéim chuig na haspail agus na cruifreacha leis an gceist seo a shocrú.

3. D'imigh siad mar sin agus an eaglais á gcomóradh, agus chuaigh siad trí Fhéinícia agus trí Shamária freisin, agus iad ag tabhairt tuairisce ar iompú na nGintlithe chun creidimh, agus chuir siad lúcháir mhór ar na bráithre uile.

4. Nuair a shroich siad Iarúsailéim, chuir an eaglais agus na haspail agus na cruifreacha fáilte rompu, agus d'fhoilsigh siad a ndearna Dia maraon leo féin.

5. Ach d'éirigh cuid d'aicme na bhFairiséach a ghlac leis an gcreideamh agus dúirt siad go raibh sé riachtanach a dtimpeallghearradh agus a ordú dóibh dlí Mhaois a choinneáil.

6. Bhi na haspail agus na cruifreacha cruinn leis an bpointe seo a iniúchadh.

7. Agus i ndiaidh mórán plé a bheith acu faoi, d'éirigh Peadar ina sheasamh agus dúirt sé leo, “A bhráithre, is feasach daoibh go ndearna Dia rogha asaibh i bhfad ó shin, go gcluinfeadh na Ginlithe briathar an tsoiscéil ó mo bhéalsa agus go gcreidfeadh siad.

8. Agus thug Dia, a bhfuil fhios aige go fiú na smaointe is uaigní sa chroí, fianaise orthu, mar thug sé an Spiorad Naomh dóibh go díreach mar a thug sé dúinne é;

9. agus ní dhearna sé aon idirdhealú idir sinne agus iad, ach ghlan sé a gcroíthe leis an gcreideamh.

10. Cad chuige mar sin a mbíonn sibh ag cur cathú ar Dhia, ag leagan cuinge ar mhuineál na ndeisceabal nár fhéadamar féin ná ár seacht sinsear a fhulaingt?

11. Ach is é a chreidimid go slánófar sinn trí ghrásta an Tiarna Íosa go díreach mar a shlánófar iad siúd.”

12. Agus d'fhan an comhthionól uile ina dtost; agus d'éist siad le Barnabas agus le Pól agus iad ag aithris na gcomharthaí agus na n‑iontas a bhí déanta ag Dia tríothu i measc na nGintlithe.

13. Nuair a bhí deireadh ráite acu, thug Séamas freagra mar seo, “A bhráithre, éistigí leis seo uaim.

14. Tá Síomón tar éis a insint daoibh conas a thaobhaigh Dia na Gintlithe don chéad uair, le pobal a thógáil astu a mbeadh a ainm orthu.

15. Agus tagann briathra na bhfáithe leis sin mar atá scríofa,

16. ‘Fillfidh mé arís ina dhiaidh seo,agus beidh áras cónaí Dháibhí a bhí tite á atógáil agam,agus athchóireoidh mé a fhothracha,agus cuirfidh mé ina sheasamh é,

17. ionas go mbeidh iarraidh ag an gcuid eile den Ádhamhchlann ar an Tiarna,agus na Gintlithe uile a dtugtar m'ainm orthu,

18. tá an Tiarna á rá sin, an té a d'fhoilsigh na nithe seo ón gcianaimsir.’

19. Dá bhrí sin, is é mo bhreithiúnas air, gan sinn aon ualach a chur ar a n‑iompaíonn chun Dé de na Gintlithe;

20. ach litir a scríobh chucu á gcosc ó shalú íol agus ó striapachas agus óna ndearnadh a thachtadh agus ó fhuil.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 15