Tiomna Nua

Gníomhartha 15:18-36 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

18. tá an Tiarna á rá sin, an té a d'fhoilsigh na nithe seo ón gcianaimsir.’

19. Dá bhrí sin, is é mo bhreithiúnas air, gan sinn aon ualach a chur ar a n‑iompaíonn chun Dé de na Gintlithe;

20. ach litir a scríobh chucu á gcosc ó shalú íol agus ó striapachas agus óna ndearnadh a thachtadh agus ó fhuil.

21. Mar tá a lucht seanmóireachta ag Maois i ngach cathair riamh anall, ó léitear é gach sabóid sna sionagóga.”

22. Tuigeadh ansin do na haspail agus do na cruifreacha, maraon leis an eaglais uile, nár mhiste fir a thoghadh as a measc féin agus a gcur go hAntíoc i gcuideachta Phóil agus Bharnabais. Agus chuir siad Iúdás dá ngairtí Barsabas agus Sailas, a bhí ina gceannairí i measc na mbráithre,

23. agus iad ag iompar na litreach seo leanas: “Cuireann na bráithre, idir na haspail agus na cruifreacha, a mbeannacht chuig na bráithre de na Gintlithe atá in Antíoc agus sa tSír agus i gCilicia.

24. Ó tháinig scéal chugainn go bhfuil daoine áirithe dínne i ndiaidh buairt a chur oraibh lena mbriathra, agus bhur n‑intinn a shuaitheadh, siúd is nár ordaíomar dóibh aon ní den sórt a dhéanamh,

25. tuigeadh dúinn nár mhiste teacht le chéile agus daoine a thoghadh agus a chur chugaibh i gcuideachta ár ndilchairde Barnabas agus Pól,

26. beirt a chuir a mbeo i gcontúirt ar son ár dTiarna Íosa Críost.

27. Táimid i ndiaidh Iúdás agus Sailas a chur chugaibh mar sin, agus gheobhaidh sibh an scéal céanna ina mbéalsan.

28. Mar is é a tuigeadh don Spiorad Naomh agus dúinne nár chóir aon tromualach a chur oraibh thar an méid sin a bhfuil riachtanas leis:

29. sibh ag staonadh ónar íobraíodh d'íola agus ó fhuil agus ónar tachtadh agus ó mhígheanmnaíocht. Is maith a dhéanfaidh sibh ach fanacht amach uathu san. Slán agus beannacht agaibh.”

30. Mar sin cuireadh chun bealaigh iad, agus chuaigh siad síos go hAntíoc; agus chruinnigh siad na daoine le chéile gur thug siad an litir dóibh.

31. Agus nuair a bhí sí léite acu, chuir an t‑aitheasc lúcháir orthu.

32. Agus labhair Iúdás agus Sailas, a bhí ina bhfáithe iad féin, an iomad briathra ag tabhairt misnigh do na bráithre agus neartaigh siad iad.

33. Agus nuair a bhí tamall caite acu, scar siad go síochánta leis na bráithre gur fhill ar an dream a chuir uathu iad.

35. Ach d'fhan Pól agus Barnabas in Antíoc, ag teagasc agus ag seanmóireacht bhriathar Dé, iadsan agus mórán daoine eile leo.

36. Tamall de laethanta ina dhiaidh sin arsa Pól le Barnabas, “Tar liom anois, go bhfillimid agus go dtugaimid cuairt ar gach cathair inar fhoilsíomar briathar Dé, go bhfeicimid cad é an bhail atá orthu.”

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 15