10. D'fhiafraigh siad de ansin, “Conas mar sin a osclaíodh do shúile?”
11. Ba é a fhreagra, “An fear úd a bhfuil Íosa mar ainm air rinne sé dóib agus chuimil sé de mo shúile í agus dúirt sé liom, ‘Imigh go Silóam agus nigh thú féin’; agus chuaigh mé ann agus nigh mé agus fuair mé amharc na súl.”
12. D'fhiafraigh siad de, “Cá bhfuil sé?” “Níl a fhios agam,” ar seisean.
13. Tugadh an fear a bhí ina dhall roimhe sin os comhair na bhFairiséach.
14. Anois ba í an tsabóid í an lá a ndearna Íosa an dóib agus ar oscail sé a shúile.
15. D'fhiafraigh na Fairiséigh de arís conas a fuair sé a amharc. Agus ar seisean leo, “Chuir sé an dóib ar mo shúile agus nigh mé iad, agus feicim leo.”
16. Arsa cuid de na Fairiséigh, “Ní ó Dhia an fear seo, mar ní choinníonn sé an tsabóid.” Ach dúirt dream eile, “Conas a d'fhéadfadh fear a bheadh ina pheacach comharthaí mar sin a dhéanamh?” D'éirigh easaontas eatarthu.