1. Bhí Íosa ag siúl na Galailí ina dhiaidh sin; ní raibh fonn air Iúdaea a shiúl, ó bhí muintir Iúdaea ag iarraidh a mharú.
2. San am sin ba ghairid uathu an fhéile sin na mboth a bhíodh ag na Giúdaigh.
3. Dúirt a dheartháireacha leis dá bhrí sin, “Fág seo agus tabhair Iúdaea ort féin, go bhfeice na deisceabail atá agat na hoibreacha atá á ndéanamh agat.
4. Mar ní bhíonn aon duine ag oibriú os íseal ar mhian leis aithne a bheith air os ard. Má tá seo á dhéanamh agat, taispeáin thú féin don saol.”
5. Mar níor chreid a dheartháireacha féin ann.
6. Is é a dúirt Íosa leo, “Níor tháinig m'uainse go fóill, ach bíonn sé i gcónaí ina uain agaibhse.
7. Ní fhéadann an saol fuath a thabhairt daoibhse, ach bíonn fuath aige domsa as an bhfianaise a thugaimse ar olcas a ghníomhartha.
8. Imígíse chun na féile; níl mise ag dul suas chun na féile seo, mar níor tháinig m'uain go hiomlán go fóill.”
9. I ndiaidh é sin a rá, d'fhan sé i nGalailí.
10. Ni lúide, nuair a bhí a dheartháireacha imithe chun na féile, chuaigh sé féin suas freisin, ach ní os ard ach mar a bheadh os íseal.
11. Bhí na Giúdaigh ag cur a thuairisce ar an bhféile, agus á rá,
12. “Cá bhfuil sé?” Bhí mórán cogarnaí faoi ag na daoine. Bhí cuid acu á rá, “Is dea-dhuine é,” agus dream eile ag dearbhú nárbh ea, ach go raibh sé ag cur na ndaoine ar bhealach a n‑aimhleasa.