Tiomna Nua

Eoin 20:3-15 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

3. D'imigh Peadar ansin agus an deisceabal eile leis, agus tháinig siad go dtí an tuama.

4. Bhí an bheirt acu ina rith, ach ba ghaiste an deisceabal eile ná Peadar sa siúl agus ba é a shroich an tuama ar dtús;

5. agus chrom sé síos ag amharc isteach agus chonaic sé na fáisceáin línéadaigh ina luí ansin, ach ní dheachaigh sé isteach.

6. Tháinig Síomón Peadar ansin go dlúth ina dhiaidh, agus chuaigh seisean isteach sa tuama; chonaic sé na fáisceáin línéadaigh ina luí,

7. agus an t‑éadach a bhí ar a cheann, agus é fillte air féin in áit ar leith, gan é a bheith ina luí leis na fáiscéain línéadaigh.

8. Ba ina dhiaidh sin a chuaigh an deisceabal eile isteach, a shroich an tuama ar dtús, agus chonaic sé agus chreid sé,

9. mar ní raibh fhios acu go fóill faoin scrioptúr, a dúirt go gcaithfeadh sé éirí ó mhairbh.

10. D'imigh na deisceabail ansin ar ais abhaile.

11. Ach is é rud, d'fhan Muire ina seasamh taobh amuigh den tuama agus i ag sileadh deor, agus nuair a bhí sí á sileadh chrom sí síos le hamharc isteach sa tuama;

12. agus chonaic sí dhá aingeal in éadach geal a bhí ina suí san áit sin a raibh corp Íosa ina luí, aingeal amháin san áit a mbíodh a cheann agus aingeal eile san áit a mbíodh a chosa.

13. Ar siadsan léi ansin, “A bhean úd, cad chuige a bhfuil tú ag caoineadh?” Ar sise leo, “Ar an tsiocair go bhfuil mo Thiarna tógtha ar shiúl acu, agus nach bhfuil a fhios agam cár leag siad é.”

14. Nuair a bhí sin ráite aici, thiontaigh sí thart, agus chonaic sí Íosa agus é ina sheasamh, agus ní raibh a fhios aici gurbh é Íosa a bhí aici.

15. Arsa Íosa léi, “A bhean úd, cad chuige a bhfuil tú ag caoineadh? Cé sin atá uait?” Shil sise gurbh é an garraíodóir é, agus dúirt sí leis, “A fhir chóir, más tú a thóg ar shiúl as seo é, inis dom cár leag tú é agus ardóidh mise liom é.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 20