Tiomna Nua

Eoin 20:13-19 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

13. Ar siadsan léi ansin, “A bhean úd, cad chuige a bhfuil tú ag caoineadh?” Ar sise leo, “Ar an tsiocair go bhfuil mo Thiarna tógtha ar shiúl acu, agus nach bhfuil a fhios agam cár leag siad é.”

14. Nuair a bhí sin ráite aici, thiontaigh sí thart, agus chonaic sí Íosa agus é ina sheasamh, agus ní raibh a fhios aici gurbh é Íosa a bhí aici.

15. Arsa Íosa léi, “A bhean úd, cad chuige a bhfuil tú ag caoineadh? Cé sin atá uait?” Shil sise gurbh é an garraíodóir é, agus dúirt sí leis, “A fhir chóir, más tú a thóg ar shiúl as seo é, inis dom cár leag tú é agus ardóidh mise liom é.”

16. Arsa Íosa léi, “A Mhuire.” Thiontaigh sise thart agus dúirt sí in Eabhrais, “Rabóní!” (a chiallaíos Oide).

17. Arsa Íosa léi, “Ná bí ag breith greama orm, mar táim go fóill gan dul suas chuig an Athair; ach imigh leat chuig mo bhráithre agus abair leo go bhfuilim ag dul suas chuig m'Athair agus chuig bhur nAthairse, chuig mo Dhia-sa agus chuig bhur nDia-sa.”

18. D'imigh Muire Mhaghdaléanach agus dúirt sí leis na deisceabail, “Chonaic mé an Tiarna”; agus d'inis sí dóibh a ndúirt sé léi.

19. Tráthnóna an lae sin, an chéad lá den tseachtain, nuair a bhí na doirse druidte ar an áit a raibh na deisceabail ann, le heagla roimh na Giúdaigh, tháinig Íosa chucu agus sheas sé ina measc, agus dúirt sé leo, “Go raibh an tsíocháin agaibh.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 20