Tiomna Nua

Eoin 18:3-15 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

3. Ghlac Iúdás mar sin complacht saighdiúirí agus oifigigh ó na hardsagairt agus ó na Fairiséigh, agus chuaigh siad ann faoi lóchrainn agus faoi thóirsí agus faoi airm.

4. Ó bhí a fhios ag Íosa a dtarlódh dó, tháinig sé chun tosaigh gur fhiafraigh díobh, “Cé tá uaibh?”

5. “Íosa as Nasair,” a dúirt siad á fhreagairt. “Is mise é,” a deir sé leo. Bhí Iúdás, a bhraith é, ina sheasamh ansin ina measc.

6. Nuair a dúirt sé, “Is mise é,” chuaigh siad ar gcúl agus thit siad ar lár.

7. D'fhiafraigh sé díobh athuair, “Cé tá uaibh?” agus dúirt siad, “Íosa as Nasair.”

8. D'fhreagair Íosa, “Tá inste agam daoibh gur mise é; mar sin, ós mé atá uaibh, ligigí do na fir seo imeacht.”

9. Tharla sin leis an mbriathar a fhíorú a dúirt sé, “Níor chaill mé aon duine den mhéid a thug tú dom.”

10. Ba ansin a tharraing Síomón Peadar an claíomh a bhí aige as a thruaill agus tharraing sé buille ar mhogha an ardsagairt agus ghearr sé an leath-cluas dheas anuas dá leiceann. Malcus ab ainm don mhogha.

11. Arsa Íosa le Peadar, “Cuir do chlaíomh isteach ina thruaill; an é nach n‑ólfaidh mé an cupán a thug m'Athair dom le n‑ól?”

12. Tháinig siad mar sin, an complacht saighdiúirí agus a gceannfort agus oifigigh na nGiúdach, ar Íosa, agus ghabh siad é agus cheangail siad é.

13. Thug siad os comhair Annas é ar dtús; ó ba é ab athair céile do Chaiafas, a bhí ina ardsagart an bhliain úd.

14. Ba é an Caiafas seo a thug an chomhairle do na Giúdaigh go raibh sé riachtanach go bhfaigheadh aon fhear amháin bás ar son an phobail.

15. Lean Síomón Peadar Íosa, eisean agus deisceabal amháin eile. Ó bhí an deisceabal seo ar lucht aitheantais an ardsagairt, chuaigh sé maraon le hÍosa isteach i gcúirt an ardsagairt,

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 18