Tiomna Nua

Eoin 18:16-35 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

16. fad agus bhí Peadar ag fanacht taobh amuigh den doras. Mar sin chuaigh an deisceabal, a raibh aithne ag an ardsagart air, amach gur chuir sé cogar i gcluais an chailin a bhí ina doirseoir, agus gur thug sé Peadar isteach.

17. Is é a dúirt an cailín a bhí ina doirseoir le Peadar, “Nach duine de dheisceabail an fhir seo tú freisin?” “Ní hea,” ar seisean.

18. Anois bhí na seirbhísigh agus na hoifigigh tar éis tine fhioghuail a dhéanamh, ó bhí sé fuar, agus bhí siad ina seasamh ansin á ngoradh féin; bhí Peadar ina sheasamh leo agus é á ghoradh féin.

19. Cheistigh an t‑ardsagart Íosa ansin i dtaobh a dheisceabal agus i dtaobh a theagaisc.

20. Ba é freagra Íosa air, “Labhair mé os ard os comhair an tsaoil; bhinn i gcónaí ag teagasc sna sionagóga agus sa teampall, ina dtagann na Giúdaigh uile le chéile; níor labhair mé aon fhocal i modh rúin.

21. Cad chuige duit a fhiafraí díom? Fiafraigh den lucht éisteachta cad é a dúirt mé leo; tá a fhios acu siúd cad é a dúirt mé.”

22. Nuair a dúirt sé sin, tharraing duine de na hoifigigh a bhí ina sheasamh ansin buille boise ar leiceann Íosa, agus dúirt sé, “An mar sin a fhreagraíos tú an t‑ardsagart?”

23. D'fhreagair Íosa, “Má labhair mé go holc, tabhair fianaise faoin olc; ach má labhair mé go maith, cad chuige duit bheith ag bualadh buille orm?”

24. Chuir Annas ansin é chuig Caiafas an t‑ardsagart.

25. Anois bhí Síomón Peadar ina sheasamh á ghoradh féin. Fiafraíodh de, “Nach duine dá dheisceabailsean tusa freisin?” Shéan sé é agus dúirt sé, “Ní hea.”

26. Arsa duine de sheirbhísigh an ardsagairt, a bhí ina dhuine muinteartha don duine ar ghearr Peadar an leathchluas de, le Peadar, “Nach bhfaca mé féin thú sa ghairdín ina chuideachta?”

27. Shéan Peadar é athuair; agus ní raibh an focal as a bhéal gur ghlaoigh an coileach.

28. Ba ansin a tugadh Íosa ó theach Chaiafas go dtí an Praetorium. Bhí sé ar mhoch maidine. Ní dheachaigh siad isteach sa Phraetorium iad féin, ionas nach salófaí iad, agus go n‑íosfaidís an cháisc.

29. Chuaigh Píoláid mar sin amach chucu, gur fhiafraigh díobh, “Cad í an choir a chuireas sibh i leith an duine seo?”

30. Ba é a bhfreagrasan air, “Mura raibh an duine seo coireach, ní bheimis á chur idir do lámha.”

31. Arsa Píoláid leo, “Glacaigí féin é agus tugaigí breithiúnas air de réir bhur ndlí féin.” Dúirt na Giúdaigh leis, “Níl sé dlisteanach againne aon duine a chur chun báis.”

32. Tharla sin leis an mbriathar a dúirt Íosa faoi mhodh a bháis a fhíorú.

33. Chuaigh Píoláid isteach sa Phraetorium athuair agus ghlaoigh sé ar Íosa, agus dúirt sé leis, “An tú Rí na nGiúdach?”

34. Is é a d'fhreagair Íosa, “An uait féin a deir tú sin; nó an raibh daoine eile á rá leat fúm?”

35. D'fhreagair Píoláid, “An Giúdach mise? Is iad do chine féin agus na hardsagairt a chuir idir mo lámha thú; cad é a rinne tú?”

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 18