Tiomna Nua

Eoin 15:25-27 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

25. Ach tharla sin ag fíorú an rá atá scríofa ina ndlí-sean, ‘Thug siad fuath dom gan ábhar.’

26. Ach nuair a thiocfas an Comhairleoir, a bheas á chur agam chugaibh ó m'Athair, is é sin an Spiorad úd na fírinne, a bhíos ag gluaiseacht amach ón Athair, tabharfaidh seisean fianaise orm;

27. agus is finnéithe sibh fós, ó bhíodh sibh i mo chuideachta ó thús.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 15