9. Dúirt Síomón Peadar leis, “A Thiarna, ní hamháin mo chosa ach mo lámha agus mo cheann freisin!”
10. Dúirt Íosa leis, “An té a fuair folcadh níl feidhm air ach a chosa amháin a ní, ach tá sé glan ar fad; agus tá sibhse glan, ach níl sibh uile amhlaidh.”
11. Bhi a fhios aige cé a dhéanfadh a bhrath; agus sin an fáth a dúirt sé, “níl sibh uile glan.”
12. Nuair a bhí a gcosa nite aige, agus a bhaill éadaigh air, agus é ag ceann an bhoird arís, ar seisean leo, “An dtuigeann sibh a bhfuil déanta agam libh?
13. Bíonn sibh ag tabhairt Oide agus Tiarna orm; agus is maith mar a deir sibh é, mar is amhlaidh atáim ann.
14. Mar sin má tá bhur gcosa nite agamsa atá i mo Thiarna oraibh agus i m'Oide múinte agaibh, ba é bhur gceart bheith ag ní chosa a chéile.
15. Mar táim i ndiaidh dea-shampla a thabhairt daoibh, ionas go ndéanfadh sibhse mar a rinne mé libh.
16. Is fíor atá, agus is fíor mo rá, nach fearr an seirbhíseach ná a mháistir; agus nach fearr an teachtaire ná an té a chuir uaidh é.
17. Má tá fios na nithe sin agaibh, is beannaithe sibh má chuireann sibh i ngníomh iad.
18. Ni bhaineann mo chaint leis an iomlán agaibh; tá a fhios agam cé hiad mo lucht tofa; tá sin amhlaidh leis an scrioptúr a fhíorú, ‘An té a d'itheadh m'arán thóg sé sáil a choise i m'éadan.’
19. Táim á insint sin daoibh sula dtarlaí sé, ionas go gcreide sibh, nuair a tharlós sé, gur mise é.
20. Is fíor atá agus is fíor mo rá, an té a ghlacas le duine ar bith dá gcuirfidh mé uaim, is liom a ghlacas sé; agus an té a ghlacas liom glacann sé leis an té a chuir uaidh mé.”