Tiomna Nua

Eoin 13:28-36 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

28. Anois ní raibh fhios ag duine dá raibh ina suí ag an mbord leis cad chuige dó é sin a rá leis.

29. Shil cuid acu, ós ag Iúdás a bhíodh bosca an airgid, go raibh Íosa ag rá leis ar theastaigh uathu le haghaidh na féile a cheannach; sin, nó déirc a thabhairt do na boicht.

30. Mar sin, i ndiaidh an mhilseog a ghlacadh chuaigh sé amach gan mhoill; agus bhí sé ina oíche.

31. Nuair a bhí seisean imithe, is é a dúirt Íosa, “Is anois a ghlóirítear Mac an duine, agus a ghlóirítear Dia trídsean;

32. má ghlóirítear Dia trídsean, glóireoidh Dia é ann féin freisin, agus déanfaidh sé a ghlóiriú gan a thuilleadh moille.

33. A leanaí beaga dílse, tá tamall beag eile agam libh. Beidh sibh do mo chuardach; agus deirim libh anois an rud a dúirt mé leis na Giúdaigh, ‘Táim ag imeacht go háit nach féidir libh teacht orm.’

34. Táimse ag tabhairt aithne úrnua daoibh, sibh grá a thabhairt dá chéile; grá a thabhairt dá chéile mar an grá a thug mise daoibh.

35. Is air sin a aithneoidh na daoine uile go bhfuil sibh in bhur ndeisceabail agam, má tá an grá sin agaibh dá chéile.”

36. D'fhiafraigh Síomón Peadar de, “A Thiarna, cá bhfuil do thriall?” D'fhreagair Íosa, “Ní fhéadann tú mé a leanúint anois go dtí an áit a bhfuil mé ag imeacht; ach leanfaidh tú amach anseo mé.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 13