Tiomna Nua

Eoin 13:20-38 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

20. Is fíor atá agus is fíor mo rá, an té a ghlacas le duine ar bith dá gcuirfidh mé uaim, is liom a ghlacas sé; agus an té a ghlacas liom glacann sé leis an té a chuir uaidh mé.”

21. Nuair a bhí na briathra sin ráite ag Íosa, tháinig buairt anama air, agus thug sé fianaise uaidh, “Is fíor atá, agus is fíor mo rá, déanfaidh duine agaibh mo bhrath.”

22. D'amharc na deisceabail ar a chéile, agus iad in amhras faoi cé hé sin a raibh sé ag caint air.

23. Bhí duine dá dheisceabail a raibh grá ag Íosa dó, ina luí ansin in ucht Íosa;

24. mar sin rinne Síomón Peadar comhartha dó agus dúirt sé leis, “Inis dúinn cé hé sin atá á lua aige.”

25. Mar sin dúirt seisean, agus é ina luí in ucht Íosa, “A Thiarna, cé hé féin?”

26. D'fhreagair Íosa, “Is é an té a dtabharfaidh mé an mhilseog seo dó nuair a bheas sí tumtha agam.” Mar sin nuair a bhí an mhilseog tumtha aige, thug sé d'Iúdás mac Shíomóin Iscariót é.

27. Ansin i ndiaidh é an mhilseog a ithe, chuaigh Sátan isteach ann. Arsa Íosa leis, “Déan a bhfuil le déanamh agat go tapaidh.”

28. Anois ní raibh fhios ag duine dá raibh ina suí ag an mbord leis cad chuige dó é sin a rá leis.

29. Shil cuid acu, ós ag Iúdás a bhíodh bosca an airgid, go raibh Íosa ag rá leis ar theastaigh uathu le haghaidh na féile a cheannach; sin, nó déirc a thabhairt do na boicht.

30. Mar sin, i ndiaidh an mhilseog a ghlacadh chuaigh sé amach gan mhoill; agus bhí sé ina oíche.

31. Nuair a bhí seisean imithe, is é a dúirt Íosa, “Is anois a ghlóirítear Mac an duine, agus a ghlóirítear Dia trídsean;

32. má ghlóirítear Dia trídsean, glóireoidh Dia é ann féin freisin, agus déanfaidh sé a ghlóiriú gan a thuilleadh moille.

33. A leanaí beaga dílse, tá tamall beag eile agam libh. Beidh sibh do mo chuardach; agus deirim libh anois an rud a dúirt mé leis na Giúdaigh, ‘Táim ag imeacht go háit nach féidir libh teacht orm.’

34. Táimse ag tabhairt aithne úrnua daoibh, sibh grá a thabhairt dá chéile; grá a thabhairt dá chéile mar an grá a thug mise daoibh.

35. Is air sin a aithneoidh na daoine uile go bhfuil sibh in bhur ndeisceabail agam, má tá an grá sin agaibh dá chéile.”

36. D'fhiafraigh Síomón Peadar de, “A Thiarna, cá bhfuil do thriall?” D'fhreagair Íosa, “Ní fhéadann tú mé a leanúint anois go dtí an áit a bhfuil mé ag imeacht; ach leanfaidh tú amach anseo mé.”

37. Arsa Peadar leis, “A Thiarna, cad chuige nach féidir liom tú a leanúint anois? Tabharfaidh mé m'anam ar do shon.”

38. D'fhreagair Íosa, “An dtabharfaidh tú d'anam ar mo shon? Is fíor agus is fíreannach a deirim leat, ní ghlaofaidh an coileach, go dtí go séanfaidh tú mé faoi thrí.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 13