28. A Athair, glóirigh d'ainm.” Tháinig leis sin an glór ó neamh, “Tá sé glóirithe agam cheana, agus beidh sé á ghlóiriú agam arís.”
29. Chuala an slua a bhí ina sheasamh thart sin, agus dúirt cuid acu gur fuaim thoirní a bhí ann. Dúirt an chuid eile, “Aingeal é a labhair leis.”
30. D'fhreagair Íosa, “Ní ar mo shonsa a tháinig an glór sin, ach ar bhur sonsa.
31. Anois a thugtar breith ar an saol seo, anois a chaithfear amach uachtarán an tsaoil seo;
32. agus is mé a tharraingeas an Ádhamhchlann uile chugam, an uair a ardófar mé ón talamh aníos.”
33. Dúirt sé sin le modh a bháis a nochtadh.
34. D'fhreagair an slua é, “Chuala-mar ag an dlí go bhfanann an Críost go síoraí buan. Conas a fhéadann tú mar sin a rá go gcaithfear Mac an duine a ardú aníos? Cé hé an Mac sin an duine?”
35. Dúirt Íosa leo, “Tá an solas libh seal beag eile. Bígí ag siúl chomh fada agus a bhíos an solas agaibh, ar eagla go mbeire an dorchadas oraibh; an té a shiúlas sa dorchadas níl fios a bhealaigh aige.
36. Chomh fada agus atá an solas agaibh, creidigí sa solas, go raibh sibh in bhur gclann mhac an tsolais.”Nuair a bhí an chaint sin ráite ag Íosa, d'imigh sé leis agus chuaigh sé i bhfolach rompu.
37. In ainneoin a liacht comharthaí a bhí déanta aige os a gcomhair, ní chreidfidís ann;
38. ní a tharla ag fíorú an bhriathair a labhair an fáidh Ísáia:“A Thiarna, cé a chreid dár dtuairisc,agus cé hé sin ar nochtadh dó an t‑urradh atá i ngéag an Tiarna?”
39. Dá bhri sin níor fhéad siad creidiúint. Mar dúirt Ísáia arís,
40. “Tá a súile dallta agus a gcroithe calcaithe aige,sa tsli nach bhfeicfeadh a súile agus nach mothódh a gcroithe,agus nach dtiontóidís thart ionas go leigheasfainn iad.”