Tiomna Nua

Eoin 12:27-33 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

27. “Is anois atá buairt anama orm. Agus cad é a déarfas mé, ‘A Athair, slánaigh mé ón uair seo’? Ní hea, is chuige seo a shroich mé an uair seo.

28. A Athair, glóirigh d'ainm.” Tháinig leis sin an glór ó neamh, “Tá sé glóirithe agam cheana, agus beidh sé á ghlóiriú agam arís.”

29. Chuala an slua a bhí ina sheasamh thart sin, agus dúirt cuid acu gur fuaim thoirní a bhí ann. Dúirt an chuid eile, “Aingeal é a labhair leis.”

30. D'fhreagair Íosa, “Ní ar mo shonsa a tháinig an glór sin, ach ar bhur sonsa.

31. Anois a thugtar breith ar an saol seo, anois a chaithfear amach uachtarán an tsaoil seo;

32. agus is mé a tharraingeas an Ádhamhchlann uile chugam, an uair a ardófar mé ón talamh aníos.”

33. Dúirt sé sin le modh a bháis a nochtadh.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 12