Tiomna Nua

Eoin 12:24-28 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

24. Is fíor atá, agus is fíor mo rá, mura dtiteann síol na cruithneachta sa talamh agus bás a fháil, ní bhíonn ann ach é amháin ina aonar; ach má fhaigheann sé bás, tagann mórán toraidh air.

25. An té sin a mbíonn grá aige ar a anam féin, cailleann sé é, agus an té sin ar fuath leis a anam ar an saol seo coinneoidh sé é le haghaidh na beatha síoraí.

26. Cibé a dhéanas seirbhís dom, caithfidh sé mé a leanúint; agus mar a mbím féin, is ann a bheas mo sheirbhíseach freisin; má dhéanann aon duine seirbhís domsa, tabharfaidh an tAthair onóir dó.

27. “Is anois atá buairt anama orm. Agus cad é a déarfas mé, ‘A Athair, slánaigh mé ón uair seo’? Ní hea, is chuige seo a shroich mé an uair seo.

28. A Athair, glóirigh d'ainm.” Tháinig leis sin an glór ó neamh, “Tá sé glóirithe agam cheana, agus beidh sé á ghlóiriú agam arís.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 12