11. ar an tsiocair go raibh mórán de na Giúdaigh ag imeacht agus ag creidiúint in Íosa.
12. An lá arna mhárach chuala mórshlua dár tháinig chun na féile faoi Íosa a bheith ag teacht go hlarúsailéim.
13. Thóg siad mar sin craobhacha crann pailme agus chuaigh siad amach ag fáiltiú roimhe, agus iad ag ligean gáir mholta, “Hósanna! Is beannaithe a thagas in ainm an Tiarna, is é Ri Iosrael é!”
14. Agus tháinig Íosa ar asal óg agus chuaigh sé a mharcaíocht air; mar atá scríofa,
15. “Ní eagal duit, a iníon Shióin;Seo chugat do ri,ina mharcach ar bhromach asail!”
16. Nior thuig a dheisceabail sin i dtús ama; ach nuair a tugadh Íosa chun a ghlóire, ba ansin a chuimhnigh siad go raibh sin scríofa faoi agus go ndearnadh sin air.
17. An slua a bhí ina chuideachta nuair a ghlaoigh sé Lasarus ón tuama agus a thóg sé ó mhairbh é, thug siad fianaise.
18. Is í an chúis a bhí ag an slua dul ina airicis, iad an t‑iomrá a chluinstin faoin gcomhartha sin a bheith déanta aige.
19. B'shiúd iad na Fairiséigh ag rá lena chéile, “Nach bhfeic-eann sibh gur saothar in aisce é; féachaigí, tá an saol uile imithe ina dhiaidh.”
20. Anois bhí Gréagaigh áirithe ar an dream a chuaigh suas a adhradh in am na féile.