Tiomna Nua

Eoin 12:1-13 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

1. Sé lá roimh an gCáisc, tháinig Íosa go Bétáin, an áit a raibh cónaí ar Lasarus, ar thóg Íosa ó mhairbh é.

2. Rinne siad suipéar dó ansin; bhí Marta ag freastal, agus bhí Lasarus ar an dream a bhí ina sui ag aon bhord leis.

3. Ghlac Muire punt d'uinnimint chostasach de ghlan-nard, agus chuimil si de chosa Íosa í agus thriomaigh si a chosa le gruaig a cinn; agus chuaigh cumhracht na huinniminte ar fud an ti.

4. Ach is é a dúirt Iúdás Iscariót, duine de na deisceabail, (an té a dhéanfadh a bhrath),

5. “Cad chuige nár dioladh an uinnimint seo ar thri chéad déanar agus cad chuige nár bronnadh ar na boicht í?”

6. Niorbh í a shuim sna boicht a thug air sin a rá, ach is é rud, bhí sé ina ghadai, agus ó bhí bosca an airgid aige ba ghnáth leis ar cuireadh ann a thógáil leis.

7. Is é a dúirt Íosa, “Lig di, a chead aici é a choinneáil go lá m'adhlactha.

8. Bíonn na boicht agaibh i gcónaí, ach ní bheidh mise agaibh i gcónaí.”

9. Chuala mórshlua na nGiúdach faoina bheith ansin, agus tháinig siad, ní hamháin ar son Íosa, ach mar gheall ar Lasaras a fheiceáil, a bhí tógtha ó mhairbh aige.

10. Bhí sé beartaithe mar sin ag na hardsagairt Lasarus a chur chun báis freisin,

11. ar an tsiocair go raibh mórán de na Giúdaigh ag imeacht agus ag creidiúint in Íosa.

12. An lá arna mhárach chuala mórshlua dár tháinig chun na féile faoi Íosa a bheith ag teacht go hlarúsailéim.

13. Thóg siad mar sin craobhacha crann pailme agus chuaigh siad amach ag fáiltiú roimhe, agus iad ag ligean gáir mholta, “Hósanna! Is beannaithe a thagas in ainm an Tiarna, is é Ri Iosrael é!”

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 12