Tiomna Nua

Eoin 11:39-52 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

39. Arsa Íosa, “Tógaigí uaithi an chloch.” Arsa Marta, deirfiúr an mharbháin, leis, “A Thiarna, beidh boladh bréan ann, mar tá sé ceithre lá marbh.”

40. Arsa Íosa léi, “Nár inis mé duit go bhfeicfeá glóir Dé ach creideamh a bheith agat?”

41. Thóg siad mar sin an chloch. Agus thóg Íosa a shúile agus dúirt sé, “A Athair, beirim buíochas leat go bhfuil éiste agat liom.

42. Bhi a fhios agam go mbíonn tú i gcónaí ag éisteacht liom, ach tá an méid sin ráite agam mar mhaithe leis na daoine atá ina seasamh thart anseo, ionas go gcreide siad gur tú a chuir uait mé.”

43. Nuair a bhí sin ráite aige, ghlaoigh sé in ard a chinn is a ghutha, “Chugam, a Lasarus.”

44. Tháinig an marbhán amach agus a lámha agus a chosa ceangailte i bhfáisceáin an mhairbh, agus éadach fillte faoina ghnúis. Dúirt Íosa leo, “Scaoiligí agus ligigí chun siúil é.”

45. Mar sin de, chreid mórán de na Giúdaigh ann, a tháinig i gcuideachta Mhuire agus a chonaic a ndearna sé;

46. ach chuaigh cuid acu chuig na Fairiséigh gur inis dóibh cad é a rinne Íosa.

47. Mar sin chruinnigh na hardsagairt agus na Fairiséigh an chomhairle le chéile, agus d'fhiafraigh siad, “Cad é is cóir dúinn a dhéanamh? Mar bíonn cuid mhór comharthaí á ndéanamh ag an bhfear seo.

48. Má ligimid dó leanúint air ar an gcuma seo, tiocfaidh na Rómhánaigh a scriosadh ár n‑ionad adhartha agus a chur deiridh lenár gcine.”

49. Ach arsa duine acu leo, Caiafas, a bhí ina ardsagart an bhliain úd, “Níl aon tuiscint agaibh;

50. ní thuigeann sibh go bhfuil sé riachtanach agaibh go bhfaigheadh aon fhear amháin an bás ar son an chine, ionas nach gcaillfí an cine uile.”

51. Ní uaidh féin a dúirt sé an méid sin, ach ó bhí sé ina ardsagart an bhliain úd, rinne sé tairngreacht go bhfaigheadh Íosa bás ar son an chine,

52. agus ní ar son an chine amháin, ach ionas go n‑aontódh sé le chéile clann Dé atá scaipthe soir siar.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 11