Tiomna Nua

Eoin 11:38-46 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

38. Tháinig Íosa ansin go dtí an tuama, agus é faoi thocht mór arís; uaimh a bhí ann, agus bhí cloch mhór ina luí ar a béal.

39. Arsa Íosa, “Tógaigí uaithi an chloch.” Arsa Marta, deirfiúr an mharbháin, leis, “A Thiarna, beidh boladh bréan ann, mar tá sé ceithre lá marbh.”

40. Arsa Íosa léi, “Nár inis mé duit go bhfeicfeá glóir Dé ach creideamh a bheith agat?”

41. Thóg siad mar sin an chloch. Agus thóg Íosa a shúile agus dúirt sé, “A Athair, beirim buíochas leat go bhfuil éiste agat liom.

42. Bhi a fhios agam go mbíonn tú i gcónaí ag éisteacht liom, ach tá an méid sin ráite agam mar mhaithe leis na daoine atá ina seasamh thart anseo, ionas go gcreide siad gur tú a chuir uait mé.”

43. Nuair a bhí sin ráite aige, ghlaoigh sé in ard a chinn is a ghutha, “Chugam, a Lasarus.”

44. Tháinig an marbhán amach agus a lámha agus a chosa ceangailte i bhfáisceáin an mhairbh, agus éadach fillte faoina ghnúis. Dúirt Íosa leo, “Scaoiligí agus ligigí chun siúil é.”

45. Mar sin de, chreid mórán de na Giúdaigh ann, a tháinig i gcuideachta Mhuire agus a chonaic a ndearna sé;

46. ach chuaigh cuid acu chuig na Fairiséigh gur inis dóibh cad é a rinne Íosa.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 11