Tiomna Nua

Eoin 11:30-46 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

30. Anois níor shroich Íosa chomh fada leis an mbaile beag go fóill, bhí sé san áit úd ar casadh Marta air.

31. Nuair a chonaic na Giúdaigh, a bhí léi sa teach, Muire ag éirí agus ag imeacht chomh lúfar sin, lean siad í, ag síleadh go raibh sí ag dul go dtí an tuama le bheith ag caoineadh ansin.

32. Nuair a tháinig Muire mar a raibh Íosa, agus nuair a chonaic sí é, thit sí ar a béal ag a chosa, agus dúirt si leis, “A Thiarna, ní bhfaigheadh mo dheartháir an bás, dá mbeifeá anseo.”

33. Nuair a chonaic Íosa í ag caoineadh, agus na Giúdaigh a tháinig léi ag caoineadh freisin, bhí corraí mór agus coscairt faoina chroí;

34. agus d'fhiafraigh sé, “Cá bhfuil sé curtha agaibh?” Dúirt siad leis, “Tar, a Thiarna, go bhfeice tú.”

35. Chuaigh Íosa ag caoineadh.

36. Arsa na Giúdaigh ansin, “Féach cad é an grá a bhí aige dó!”

37. Ach is é a dúirt cuid acu, “An fear seo a d'oscail súile an daill, nár fhéad sé an fear seo a choinneáil ó bhás a fháil?”

38. Tháinig Íosa ansin go dtí an tuama, agus é faoi thocht mór arís; uaimh a bhí ann, agus bhí cloch mhór ina luí ar a béal.

39. Arsa Íosa, “Tógaigí uaithi an chloch.” Arsa Marta, deirfiúr an mharbháin, leis, “A Thiarna, beidh boladh bréan ann, mar tá sé ceithre lá marbh.”

40. Arsa Íosa léi, “Nár inis mé duit go bhfeicfeá glóir Dé ach creideamh a bheith agat?”

41. Thóg siad mar sin an chloch. Agus thóg Íosa a shúile agus dúirt sé, “A Athair, beirim buíochas leat go bhfuil éiste agat liom.

42. Bhi a fhios agam go mbíonn tú i gcónaí ag éisteacht liom, ach tá an méid sin ráite agam mar mhaithe leis na daoine atá ina seasamh thart anseo, ionas go gcreide siad gur tú a chuir uait mé.”

43. Nuair a bhí sin ráite aige, ghlaoigh sé in ard a chinn is a ghutha, “Chugam, a Lasarus.”

44. Tháinig an marbhán amach agus a lámha agus a chosa ceangailte i bhfáisceáin an mhairbh, agus éadach fillte faoina ghnúis. Dúirt Íosa leo, “Scaoiligí agus ligigí chun siúil é.”

45. Mar sin de, chreid mórán de na Giúdaigh ann, a tháinig i gcuideachta Mhuire agus a chonaic a ndearna sé;

46. ach chuaigh cuid acu chuig na Fairiséigh gur inis dóibh cad é a rinne Íosa.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 11