3. Chuir na deirfiúracha teachtaireacht chuige, á rá, “A Thiarna, an té a bhfuil cion agat air, tá sé breoite.”
4. Ach nuair a chuala Íosa sin ar seisean, “Ní thabharfaidh an bhreoiteacht sin a bhás; is é rud, tabharfaidh sé glóir do Dhia, ionas go móraítear Mac Dé dá barr.”
5. Anois bhí grá ag Íosa do Mharta agus dá deirfiúr agus do Lasarus.
6. Dá bhrí sin, nuair a chuala sé faoina bheith breoite, d'fhan sé dhá lá ní b'fhaide san áit a raibh sé.
7. Ina dhiaidh sin dúirt sé leis na deisceabail, “Bímis ag dul go hlúdaea arís.”