Tiomna Nua

Eoin 10:30-41 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

30. Tá mise agus an tAthair inár n‑aon.”

31. Thóg na Giúdaigh clocha arís lena gcaitheamh leis.

32. Thug losa freagra orthu, “Tá mórán dea-oibreacha taispeánta agam daoibh ón Athair; cé acu a thug oraibh bás a imirt orm leis na clocha seo?”

33. D'fhreagair na Giúdaigh, “Ní faoi dhea-oibreacha atáimid le bás a imirt ort le clocha ach faoi dhiamhasla; faoi tusa a bheith ag maíomh gur tú Dia agus tú i do dhuine.”

34. D'fhreagair Íosa iad, “Nach bhfuil scríofa sa dlí is agaibhse, ‘Dúirt mé, is déithe sibh’?

35. Más rud é gur tugadh déithe ar dhaoine ar tháinig briathar Dé chucu (agus ní féidir an scrioptúr a chur ar ceal),

36. an féidir libh a rá leis an té ar naomhaigh an tAthair é agus ar chuir sé isteach sa domhan é, ‘Tá tú ag caitheamh masla ar Dhia,’ as mé á rá gur mé Mac Dé?

37. Mura mbím ag déanamh oibreacha m'Athar, a chead agaibh amhras a chur ionam;

38. ach má bhíonn siad á ndéanamh agam, mura gcreideann sibh ionamsa, creidigí do na hoibreacha, ionas go n‑aithní sibh agus go dtuige sibh go bhfuil an tAthair ionam, agus mise san Athair.”

39. Thug siad iarraidh ar é a ghabháil athuair, ach d'éalaigh sé as a lámha.

40. D'imigh sé leis arís anonn thar an Iornán go dtí an áit a mbíodh Eoin ag baisteadh ar dtús, agus d'fhan sé ansin.

41. Agus tháinig mórán chuige; agus dúirt siad, “Ní dhearna Eoin aon chomhartha, ach tá a ndúirt Eoin i dtaobh an fhir seo uile go léir fíor.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 10