Tiomna Nua

Eoin 10:10-21 Ó Cuinn Tiomna Nua 1970 (OC1970)

10. Ní thagann an gadaí ach le bheith ag bradaíl agus ag marú agus ag milleadh; tháinig mise le beatha a bheith acu, agus í a bheith acu go fairsing.

11. Is mé an dea-aoire. Tugann an dea-aoire a anam ar son na gcaorach.

12. An té nach bhfuil ina aoire ach ar fostú, nach leis iad na caoirigh, tréigeann sé na caoirigh agus teitheann sé leis nuair a fheiceas sé an mactíre ag teacht; agus beireann an mactíre orthu agus scaipeann sé iad.

13. Teitheann sé ó bíonn sé ar fostú gan suim ná spéis a bheith aige sna caoirigh.

14. Is mise an dea-aoire; bíonn aithne agam ar mo chuid féin agus aithne acu orm,

15. mar a bhíonn aithne ag an Athair orm agus agam ar an Athair; agus tugaim m'anam ar son na gcaorach.

16. Agus tá caoirigh eile agam, nach den bhanrach seo iad; caithfidh mé iad a thabhairt liom freisin, agus tabharfaidh siad cluas do mo ghlór. Mar sin ní bheidh ann ach an t‑aon tréad amháin agus an t‑aon aoire amháin.

17. Is as seo a bhíos grá ag an Athair dom, go dtugaim uaim m'anam, lena ghlacadh chugam.

18. Ní ghlacann duine ar bith uaim é, is de mo dheoin féin a thugaim uaim é. Tá cumhacht agam lena thabhairt uaim, agus tá cumhacht agam lena ghlacadh chugam arís; is é sin an ní a thaobhaigh m'Athair liom.”

19. Bhí easaontas arís ann i measc na nGiúdach faoi na briathra sin aige.

20. Dúirt mórán acu, “Tá deamhan ina chorp, agus tá sé as a chúrsa; cad chuige bheith ag éisteacht leis?”

21. Dúirt dream eile, “Ní hiad seo ráite duine a mbeadh deamhan ann. An bhféadfadh deamhan súile an daill a oscailt?”

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 10