Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Tituis 3:9-15 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

9. Achd toirmisg ceasda éigcéillidhe, agus seanchuis, agus connsbóid, agus imreasana a dtimchioll an reachda; óir atáid síad gan tarbha gan éifeachd.

10. An tí atá na eiriceach tair éis fógra no dhó thabhairt dó seachuin é;

11. Ar mbeíth a fheasa agad go bhfuil a shamhuil sin do neach ar ndul fá chéile, agus go bpeacuigheann sé, ar mbeith dhó damnuighthe úadh féín.

12. An tan chuirfeas mé Artemas chugad, nó Tichicus, déun deitheas ré theachd chugam go Nicopolis: óir is ann sin do chuir mé romhan an geimhreadh chaitheamh.

13. Seól uáid go dúthrachdach sa tslíghe Sénas an fear dlighe agus Apollos, ar ghléus nách mbiáidh uireasbhuidh éinneithe orrtha.

14. Agus déunuid an dream as dínne mar an gcéudna fóghluim ar dheaghoibrighibh do dhéunamh chum na ngnáhuightheadh riachdanach, ionnus nach beídis neamhthoruidheach.

15. Cuirid a bhfuil um fhochairse uile a mbeannachd chugad. Teann riot an mhéid ghrádhuigheas sinne sa gcreideamh. Grása maille ribh uile. Amen.

Léigh chaibidil críochnaithe Tituis 3