Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Tituis 3 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil III

Feíle Dé, agus deagh oibrighe do chur a gcuimhne; 9 achd ní híad ceasda éigcéillidhe.

1. Cuir a gcuimhne dhóibh bheith úmhal duachdaránachduibh agus do chúmhachduibh, urruim do thabhairt úatha úmhadh dá bheith ullamh chum gach uile dheaghoibre mhaóribh,

2. Gan neach ar bith do mhaslughadh, gan bheith brúighneach, achd suáimhneach, ag táisbéunadh na huile cheannsachda do na huile dháoinibh.

3. Oír do bhamairne féin ar úairibh éigcéillidhe, easúmhal, ag dul ar seachrán, ag leanmhuin dainmíanuibh agus danntoilibh eugsámhla, ag caitheamh ar mbeatha a miosguis agus a dtnúth, fúathmhar, agus ag fúathughadh a cheilé.

4. Achd an tan do shoillsigh féile agus grádh Dé ar Slánaightheóra do dháoinibh,

5. Ní do réir na noibrightheadh bhfiréunnda do rinneamairne, achd do réir a thrócaire féin do sháor sé sinn, tré ionnladh na haithghineamhna, agus tré athnúadhughadh an Spiorad Náoimh;

6. Do dhóirt sé oruinn go saidhbhir tré Iósa Críosd ar Slanuightheoir.

7. Ionnus ar mbeith dhúinn air ar sáoradh tré na ghrásuibhsion, go ndeuntáoi oighreadha dhínn do réir mhuinighne na beatha marthannuighe.

8. As fírinneach an rádh so, agus is áill leam thú dheimhniughadh na neitheansa, ionnus go mbíadh an dream do chreid do Dhía ro dhíthchiollach a ndéaghoibrighibh do dhéunamh. As íad so na neithe théid a sóchar agus a dtarbha do dháoinibh.

9. Achd toirmisg ceasda éigcéillidhe, agus seanchuis, agus connsbóid, agus imreasana a dtimchioll an reachda; óir atáid síad gan tarbha gan éifeachd.

10. An tí atá na eiriceach tair éis fógra no dhó thabhairt dó seachuin é;

11. Ar mbeíth a fheasa agad go bhfuil a shamhuil sin do neach ar ndul fá chéile, agus go bpeacuigheann sé, ar mbeith dhó damnuighthe úadh féín.

12. An tan chuirfeas mé Artemas chugad, nó Tichicus, déun deitheas ré theachd chugam go Nicopolis: óir is ann sin do chuir mé romhan an geimhreadh chaitheamh.

13. Seól uáid go dúthrachdach sa tslíghe Sénas an fear dlighe agus Apollos, ar ghléus nách mbiáidh uireasbhuidh éinneithe orrtha.

14. Agus déunuid an dream as dínne mar an gcéudna fóghluim ar dheaghoibrighibh do dhéunamh chum na ngnáhuightheadh riachdanach, ionnus nach beídis neamhthoruidheach.

15. Cuirid a bhfuil um fhochairse uile a mbeannachd chugad. Teann riot an mhéid ghrádhuigheas sinne sa gcreideamh. Grása maille ribh uile. Amen.