Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Taisbeanadh 6:9-17 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

9. Agus an tan do fhosguil sé an cúigeadh séula, do chonnairc mé faói a naltóir anmanna na druinge do marbhadh ar son bhréithre Dé, agus ar son na fíadhnuise do chosnadar:

10. Agus do éigheadar go ghúth ard, ag rádh, Cá fad bhías tú, a Thighearna, náomhtha fhírinnigh, gan breitheamhnus do bhreith agus dioghaltus do dhéunamh ar son ar bhfolainne ar an druing áitigheas ar an dtalamh?

11. Agus tugadh dá gach áon díobh fó leith róbuidhe fada gléigheala; agus a dubhradh ríu, sgur ar feadh tamuill bhig, nó go mbeith uibhir a gcoimhshearbhfhoghantuigheadh agus a ndearbhraithreach ar na choimhlíonadh, noch do bhí ré haghuidh a marbhtha mar íadsan.

12. Agus do fhéuch mé an tan do fhosguil sé an seiseadh séula, agus, féuch, do chríothnuigh an talamh go mór; agus do rinneadh an ghrían cómhdhorcha ré héudach róin, agus do rinneadh an ghealach uile cósmhuil ré fuil;

13. Agus do thuiteadar réulta neimhe chum na talmhan, amhuil theilgeas an crann fige a húbhla anabuidh, an tan bhogthar í ré gaóith thréin.

14. Agus do imthigh neamh thoruinn mar leabhrán fhilltear ar a chéile; agus do hathruigheadh gach slíabh agus gach oiléun as a nionaduibh féin.

15. Agus do fholuigheadar ríghthe na talmhan, agus na daóine móra, agus na daóine saidhbhre, agus na hárdchaiptínighe, agus na daóine cúmhachdach, agus gach searbhfhoghantuighe, agus gach duine sáor, íad féin a dtuinthighibh agus a measg charrag na sléibhteadh;

16. Agus a dúbhradar ris na sléibhtibh agus ris na cairrgibh, Tuitibh oruinn, agus folchuidh sinn ó ghnúis an tí atá na shuidhe sa gcathaóir, agus ó fheirg a Nuáin:

17. Oír táinic lá mór a fheirge; agus cía fhédus seasamh?

Léigh chaibidil críochnaithe Taisbeanadh 6