Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Taisbeanadh 6:3-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

3. Agus an tan do fhosguil sé an dar séula, do chúaluidh mé an dara beathach ag rádh, Gabh a leith agus féuch.

4. Agus do chuáidh each eile rúadh amach: agus tugadh cúmhachda don té do bhí na shuidhe air, síothcháin na talmhan do bhreith ris, ionnus go dtiubhradh orrtha a chéile mharbhadh: agus tugadh dhó cloigheamh mór.

5. Agus an tan do fhosguil sé an treas séula, do chúaluidh mé an treas beathach ag rádh, Gabh a leith agus féuch. Agus do fhéuch mé, agus féuch each dúbh; agus an té do bhí na shuighe air do bhí meadh aige na láimh.

6. Agus do chúaluidh mé gúth a meadhón na gceithre mbeathach ag rádh, Miosúr cruithneachda air phíghin, agus trí miosúir éorna ar phíghinn; agus ná mill an ola ná an fíon.

7. Agus an tan do fhosguil sé an ceathramhadh séula, do chúala me gúth an cheathramhadh beathuigh ag rádh, Gabh a leith agus féuch.

8. Agus do fhéuch mé, agus féuch each glasbhán: agus a sé don ainm don tí do bhí na shuidhe air an Bás, agus do lean ifrionn e. Agus tugadh cúmhachda dhóibh ar an gceathramhadh cuid don talamh, a marbhadh ré cloidheamh, agus ré gorta, agus ré bás, agus ré hainmhinntibh állta na talmhan.

9. Agus an tan do fhosguil sé an cúigeadh séula, do chonnairc mé faói a naltóir anmanna na druinge do marbhadh ar son bhréithre Dé, agus ar son na fíadhnuise do chosnadar:

10. Agus do éigheadar go ghúth ard, ag rádh, Cá fad bhías tú, a Thighearna, náomhtha fhírinnigh, gan breitheamhnus do bhreith agus dioghaltus do dhéunamh ar son ar bhfolainne ar an druing áitigheas ar an dtalamh?

11. Agus tugadh dá gach áon díobh fó leith róbuidhe fada gléigheala; agus a dubhradh ríu, sgur ar feadh tamuill bhig, nó go mbeith uibhir a gcoimhshearbhfhoghantuigheadh agus a ndearbhraithreach ar na choimhlíonadh, noch do bhí ré haghuidh a marbhtha mar íadsan.

12. Agus do fhéuch mé an tan do fhosguil sé an seiseadh séula, agus, féuch, do chríothnuigh an talamh go mór; agus do rinneadh an ghrían cómhdhorcha ré héudach róin, agus do rinneadh an ghealach uile cósmhuil ré fuil;

13. Agus do thuiteadar réulta neimhe chum na talmhan, amhuil theilgeas an crann fige a húbhla anabuidh, an tan bhogthar í ré gaóith thréin.

Léigh chaibidil críochnaithe Taisbeanadh 6