Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Taisbeanadh 3:8-20 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

8. As aithnidh dhamh hoibreacha: féuch, do chuir mé doras osguilte romhad, agus ní héidir déinneach a dhúnadh: do bhrígh go bhfuil brígh bheag ionnad, agus gur choimhéid tú mo bhríatharsa, agus nar shéun tú mainm.

9. Féuch, do bhéura mé air an druing do shínagóig Shátain, noch a deir gur Iúdaigheadh íad féin, agus nach eadh, achd do níd bréug; féuch, do bhéura mé ortha teachd agus sléuchduin do dhéunamh agad chosuibhse, agus biaidh a fhios aca go dtug mise grádh dhuit.

10. Do bhrígh gur choimhéid tú briathar mfoighidesi, do dhéunsa thusa choimhéud ar aimsir an chathuige, noch atá chum teachda ar a tsáoghal uile, chum dearbhtha na druinge áitigheas an talamh.

11. Féuch, tiucfa mé go haithghearr: connaimh an ní atá agud, ionnus nach béuradh éinneadh do choróin uáit.

12. Do dhéuna mé posda a dteampoll mo Dhé don tí bheireas buáidh, agus ní racha sé ní sa mho amach: agus sgríobhthad ainm mo Dhé air, agus ainm chaithreach mó Dhé, Iarusalém núadh, noch thig a núas ó neamh ó mó Dhía: agus mainm núadh féin.

13. A tí agá bhfuil clúas, éisdeadh sé créd a deir an Sbiorad ris na heagluisidhibh.

14. Agus sgríobh chum aingil eagluise Laodicéa; Ag so na neithe a deir Amen, an fhíadhnuise dhíleas fhírinneach, tosach crúthuígheadh Dé;

15. As aithne dhamh hoibreacha, nach bhfuil tú fuar ná teith: do bfearr leam go mbeitheá fuár nó teith.

16. Uime sin do bhrígh go bhfuil tú boigtheith, gan bheíth teith no fuar, atá fúm do sceith amach as mó bhéul.

17. Oír a deir tú, Atáim saidhbhir, agus líonta do mháoin, agus ní bhfuil uireasbhuidh éinneithe oram; agus gan a fhios agad go bhfuil tú dearóil, agus ad thrúaghan, agus bochd, agus dall, agus lomnochd:

18. Do bheirim do chómhairle dhuit ór a cheannach uáimse do dearbhadh a dteine, ionnus go mbeitheá saidhbhir; agus éuduighe geala, chum a gcur iomad, ionnas nach budh léir gráineamhlachd do lomnochduighe; agus ung do shúile ré fobhairt na súl, ionnus go madh lér dhuit.

19. An mhéid is ionmhuin leamsa, cronuighim agus smachduighim íad: uime sin bíodh teasghrádh agad, agus déun aithrighe.

20. Féuch, seasaim ag an doras, agus bím dhá bhuáladh: ma éisdeann einneach rém ghúth, agus go noisgeóluidh an doras, racha mé a steach chuige, agus íosad mo shuipéir maille ris, agus eision maile riomsa.

Léigh chaibidil críochnaithe Taisbeanadh 3