Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Taisbeanadh 22:9-15 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

9. Achd a dubhairt sé riom, Seachuin thú ar sin do dhéunamh: óir is coimhshearbhfhoghantuighe dhuit mé, agus dod dhearbhráithribh ná fáidhibh, agus don druing choimhéudas bríathra an leabhairse: déun sléuchduin do Dhía.

10. A dubhairt se riom an tan sin, Ná séuluidh bríathra fáidheadóireachda an leabhairse: óir atá a naimsir a lathair.

11. An tí do ní éugcóir, déunadh eugcóir do ghnáth: agus an tí atá neamhghlan, bíodh neamhghlan do ghnáth: agus bíodh an firéun, firéunta do ghnáth: agus bíodh an náomh, naomhtha do ghnáth.

12. Agus, féuch, is gearr do dtiucfa mé; agus mo lúach sáothair agum, chum a thabhartha dá gach áon do réir mar bhías a ghníomh.

13. As misi Alpha agus Oméga, an tosach agus an deireadh, an chéidneach agus an neach deigheanach.

14. As beannuighe an dream choimhéudas a aitheanta, ionnus go mbíadh cumas chrainn na beatha aca, agus cumas dul a steach trés na geataidhibh don chathruigh.

15. Oír don táobh amuigh béid na madruigh, agus luchd na bpiseóg, agus a nadhaltrannuis, agus an dúnmharbhtha, agus a niodhaladhruigh, agus gach neach ghrádhuigheas agus do ní an bhréug.

Léigh chaibidil críochnaithe Taisbeanadh 22