Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Taisbeanadh 22:15-21 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

15. Oír don táobh amuigh béid na madruigh, agus luchd na bpiseóg, agus a nadhaltrannuis, agus an dúnmharbhtha, agus a niodhaladhruigh, agus gach neach ghrádhuigheas agus do ní an bhréug.

16. Do chuir mise Iósa maingeal uáim chum fíadhnuise do dhéunamh dhíbhse ar na neithibhse sna heagluiseachuibh. Is mise fréumh agus slióchd Dháibhi, réult dheallruigheach na maidne.

17. Agus a deir an Sbiorad agus an bhean núadhphosda, Tárr. Agus abradh an tí chluin, Tárr. Agus tagadh an tí ar a bhfuil tart. Agus an tí ler ab áill, glacadh sé uisge na beatha a naisgidh.

18. Oír do ním dfiadhnuise dá gach áon dá gcluin bríathra faidheadóireachda an leabhairse, Dá gcuiridh éinneach tuilleadh ríu so, go gcuirfe Día airsean na plágha atá sgriobhtha sa leabharsa:

19. Agus dá mbeanuidh éinneach do bhríathruibh leabhair na faidheadóireachdsa, beanfuidh Día a chuidsion as leabhar na beatha, agus as a gcathair náomhtha, agus as na neithibh atá sgríobhtha sa leabharsa.

20. A deir an tí do ní fíadhnuise na neitheannsa, Go deimhin is gearr go dtiucfa mé; Amén. Uime sin, tarr, a Thíghearna Iósa.

21. Grása ar Dtíghearna Iósa Críosd maille ribh uile. Amén. FOIRCHEANN

Léigh chaibidil críochnaithe Taisbeanadh 22