Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Taisbeanadh 17:9-18 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

9. Ann so atá ninntinn aga bhfuil éagna. Na seachd gcinn úd, is seachd gcnuic íad, ar a bhfuil an bhean na suidhe.

10. As seachd ríghthe íad mar an gcédna: do thuiteadar cúigfhear dhíobh, agus mairidh áon, agus atá áon eile gan teachd fós; agus an tan thiucfus se, as goirid chaithfeas sé faireach.

11. Agus an tainmhidhe do bhí ann, agus nach bhfuil, a sé fós an tochdmhadh é, agus as don mhóirsheisear é, agus do gheubhuidh a sgrios.

12. Agus na deich nadhárca do chonnairc tu as deich ríghthe íad, nar ghabh ríoghachd chuca fós, achd gheabhus cúmhachda chuca mar ríoghuibh a náonúair ris a nainmhídhe.

13. Atáid so dhéunchómhairle, agus do bhéuruid a neart agus a gcúmhachda dón nainmhídhe.

14. Cómhruicfid an dreamsa ris a Núan agus béuruidh an Túan buáidh orrtha: óir a sé Tíghearna na dtíghearnadh é, agus Rí na ríghtheadh: agus an luchd atá dhá tháobh atáid síad ar na ngairm, agus ar na dtógha, agus ionnruic.

15. Agus a dubhairt sé ríom, Na huisgeadha do chonnairc tú, sa nionad na bhfuil an mheírrdreach na suidhe, as puibleacha, agus coimhthionóil, agus cíneadhacha, agus teangtha iad.

16. Agus na deich nadhárca do chonnairc tú air a nainmhídhe, biáidh fúath aca don mheirrdrigh, agus fúigfid fásuighe nochduighe í, agus íosuid a feóil, agus loisgfid re teine í.

17. Oír do chuir Día na gcroidhthibh a thoil féin do dhéunamh, agus íad féin do bheith déuntoil, agus a ríoghachd do thabhairt don nainmhídhe, go coimhlionfuighthear bríathra Dé.

18. Agus an bean do chonnairc tú a sí an chathair mhór í, agá bhfuil ríoghachd ós ríoghuibh na talmhan.

Léigh chaibidil críochnaithe Taisbeanadh 17