Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Taisbeanadh 17:4-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. Agus an bhean ar na héudúghadh do phúrpair agus do sgárrlaóid, agus ar na hóradh ré hór agus ré clochuibh morluáidh agus ré péurluighidh, agus do bhí cupán órrgha aice na láimh lán do ghráineamhlachd agus do neamhghloine a sdríopachais.

5. Agus ainm sgríobhtha aglár a héudúin, RUINDIAMHAIR, AN BHABILON MHOR, MATHAIR SDRIOPACHAIS AGUS GHRAINEAMHLACHDA NA TALMHAN.

6. Agus do chonnairc mé an bhean sin air misge dfuil na náomh, agus dfuil mhairtíreach Iósa: agus ar na faicsin damh, do ghabh iongnadh romhor mé.

7. Agus a dúbhairt an taingeal riom, Cred fá ngabhann iongadh thú? foillséochadsa dhuit rúindíamhair na mná, agus a nainmhidhe iomchras í, ar a bhfuil seachd gcinn, agus deich nadharca.

8. An tainmhidhe do chonnairc tú do bhí sé ann, agus ní bhfuil; agus eiréochuidh sé a níos as an bpoll dubhaigéin, agus do gheubhuidh a sgrios: agus budh hiongnadh ris an luchd áitreabhas an talamh, (ag nach bhfuil a nanmanna sgríobhtha a leabhar na beatha o thus an domhain,) an tan do chífid an tainmhidhe do bhí ann, agus nach bfhuil, agus fós atá.

9. Ann so atá ninntinn aga bhfuil éagna. Na seachd gcinn úd, is seachd gcnuic íad, ar a bhfuil an bhean na suidhe.

10. As seachd ríghthe íad mar an gcédna: do thuiteadar cúigfhear dhíobh, agus mairidh áon, agus atá áon eile gan teachd fós; agus an tan thiucfus se, as goirid chaithfeas sé faireach.

11. Agus an tainmhidhe do bhí ann, agus nach bhfuil, a sé fós an tochdmhadh é, agus as don mhóirsheisear é, agus do gheubhuidh a sgrios.

12. Agus na deich nadhárca do chonnairc tu as deich ríghthe íad, nar ghabh ríoghachd chuca fós, achd gheabhus cúmhachda chuca mar ríoghuibh a náonúair ris a nainmhídhe.

13. Atáid so dhéunchómhairle, agus do bhéuruid a neart agus a gcúmhachda dón nainmhídhe.

Léigh chaibidil críochnaithe Taisbeanadh 17