Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Taisbeanadh 11:11-19 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

11. Achd a gcionn thrí lá go leith do chuáidh Spiorad na béatha ó Dhía ionnta, agus do sheasadar air a gcosuibh; agus do ghabh eagla mhór an dream do chonnairc íad.

12. Agus do chúaladar gúth árd ó néamh, ag rádh ríu, Tigidh a níos ann so. Agus do chúadar súas ar neamh a néull; agus do chonnairc a náimhde íad.

13. Agus ar a nuáirsin féin do bhí críoth mór talmhan ann, agus do thuit an deachmhadh cuid don chathruigh, agus do marbhadh seachd míle pearsa ris an gcríth talmhan sin: agus do ghabh eagla an chuid eile, agus tugadar glóir do Dhía neimhe.

14. Do chuáidh an dara truáighe thoruinn, agus, féuch, tiucfuidh an treas truáighe go háithghearr.

15. Agus do shéid an seachdmhadh aingeal a sdoc; agus do bhádar góthanna móra ar neamh, ag rádh, Is lé ar Dtíghearnainne, agus lé na Chríosd, ríoghachda an dómhuin; agus biáidh seisean na rí go sáoghal na sáoghal.

16. Agus do léigeadar an ceathrar air fhichid seanóir, noch do bhí na suidhe a bhfíadhnuise Dé ann a gcaithíreachuibh, íad féin síos ar a naighthibh, agus tugadar onóir do Dhía,

17. Ag rádh, Beirmíd buidheachas riotsa, a Thíghearna a Dhé Uilechúmhachduigh, noch atá, agus do bhí, agus bhías; óir do ghabh tú chugad do mhórchumhachda féin, agus do ghnodhuigh tú do ríoghachd.

18. Agus do ghabh fearg na cineadhacha, agus táinic thfeargsa, agus aimsir, bhreitheamhnuis na marbh, agus luáidheachda do thabhairt dod shearbhfhoghantuighibh ba faidhibh, agus do na náomhuibh, agus don luchd ar a bhí eagla hanma, eidir bheag agus mhór; agus sgreasda na druinge sgriosus an talamh.

19. Agus do hosgladh teampoll Dé ar neamh, agus ba léir áirc a chonnartha ann a theampoll: agus do bhí tinnteach, agus gothanna, agus tóirrneach, agus crioth talmhan, agus cloichshneachda mór ann.

Léigh chaibidil críochnaithe Taisbeanadh 11