17. Agus nior aithnigheadar slighe na siothchána:
18. Ní bhfuil eagla Dé a bhfiadhnuisi a súl.
19. Agus atá a fhios aguinne gidh bé ar bith neithe a deir an dligheadh, gur ris a ndreim atá fán dligheadh labhrus sé: ionnus go dtochdfuidh gach uile bhéul, agus go mbeith an domhan uile cionntach do breitheamhnus Dé.
20. Ar a nadhbharsin ní sháorfuidhthear éinneach na fhíadhnuisision ó oibrighibh an dlighe: óir is trés an dligheadh tig aithne an pheacuigh.
21. Achd a nois a néagmhuis a dlighe atá ceart Dé ar na dhéunamh follas, ar na dhearbhadh lé fíadhnuisi an dlighe agus na bhfáidheadh;
22. Ceart Dé a deirim tré chreideamh Iósa Críosd dá gach áonduine agus ar gach áon chreideas: óir ni bhfuil eidirdhéalughadh ann:
23. Oir do pheacaigh a nuile dhuine, agus atáid a négmhuis ghlóire Dé;
24. Agus atáid ar na sáoradh a naisgidh ré na ghrásuibhsean trés an bhfúasgladh do rinneadh lé Híosa Críosd:
25. Noch do órduigh Día na cheann réightigh tré chreideamh ann a fhuil, chom a fhíréantachda dfoillsiughadh, tré mhaithmheachas na bpeacadh do chuáidh tharuinn, a bhfoighid Dé;
26. Chum a fhiréantachda féin dfoillsiughadh ann sa naimsirsi do lathair ionnus go mbíadh sé féin ceart, agus go sáorfadh sé an té atá do chreideamh Iósa.
27. Ar a nadhbharsin cáit a bhfuil an mhórdhháil? Atá sí ar na cur amach. Cía an dligheadh? an tré dhligheadh na noibreacha? Ní headh, achd tré dhligheadh an chredimh.
28. Measamuid ar a nadhbharsin gur lé creideamh sháorthar an duine a néagmhuis oibreach an dlighe.