1. Maseadh cred é an bárr atá ag an Iúduidhe? nó créd é tarbha an timcheallghearrtha?
2. Is mór é ar gach áonchor: a chéadúair, do bhrígh gur ríusan do tháobhadh bhríathra Dé.
3. Oír créd é an chúis má nár chreideadar dream áirighe dhíobh? a ndéuna a neamhchreideamhsan fírinne Dé gan eifeachd?
4. Nár léige Día sin: achd, bíodh Día fírinneach, agus gach uile dhuine bréugach; mar atá sgríobhtha, Ar chor go sáorfuidhe thú ad bhríathruibh, agus go mbeartha buáidh an tan bheireas tú breith.
5. Achd má neartuigheann ar néagcóirne cóir De, créd a déaram? An bhfuil Día éagcórach do ní dioghaltus? (mar dhuine labhruim.)
6. Nár léige Día sin: oir don táobh eile cionnas bhias Día na bhreitheamh ar a tsáoghal?
7. Oír má mhéudaighe fírinne Dé trém bhréigsi chum a ghlóiresion; créd fá a ndamantar misi fós mar pheacthach?
8. Agus créd fá nach déanámaoid uile, ionnus go dtiocfadh maithe dhíobh, (do réir mar mhaslaighthear sinne, agus mar a deirid dáoine áirighe) ar a dtig damnúghadh ó cheart, go nabramáoid?
9. Créd eile má seadh? an bhfuilmídne ag breith bháirr? Ní bhfuilmíd, ar éanchor: óir do shuigheamar roimhe so na Iúduighe agus na Gréaguigh uile, do bheith fá pheacadh;
10. Mar atá sgríobhtha, Ní bhfuil firéun ann, fós, ní bhfuil, áonnduine:
11. Ní bhfuil neach ann thuigeas, ní bhfuil neach íarrus Día.
12. Do chláonadar uile, atáid síad a néinfheachd ar na ndéunamh mítharbhach; ní bhfuil neach ann do dhéunadh maith, ní bhfuil, go héinneach.
13. As uáimh osguilte a sgórnach; do rinneadar meabhail lé na dteangthuibh, atá neimh na naithreach neimhe fa na bposuibh:
14. Agá bhfuil a mbéul lán do mhallachdaibh agus do shearbhas:
15. Atáid a gcosa lúath chum fola dhórtadh:
16. Agá bhfuil briseadh croídhe agus anshógh ann a slighthibh:
17. Agus nior aithnigheadar slighe na siothchána:
18. Ní bhfuil eagla Dé a bhfiadhnuisi a súl.
19. Agus atá a fhios aguinne gidh bé ar bith neithe a deir an dligheadh, gur ris a ndreim atá fán dligheadh labhrus sé: ionnus go dtochdfuidh gach uile bhéul, agus go mbeith an domhan uile cionntach do breitheamhnus Dé.
20. Ar a nadhbharsin ní sháorfuidhthear éinneach na fhíadhnuisision ó oibrighibh an dlighe: óir is trés an dligheadh tig aithne an pheacuigh.
21. Achd a nois a néagmhuis a dlighe atá ceart Dé ar na dhéunamh follas, ar na dhearbhadh lé fíadhnuisi an dlighe agus na bhfáidheadh;
22. Ceart Dé a deirim tré chreideamh Iósa Críosd dá gach áonduine agus ar gach áon chreideas: óir ni bhfuil eidirdhéalughadh ann:
23. Oir do pheacaigh a nuile dhuine, agus atáid a négmhuis ghlóire Dé;
24. Agus atáid ar na sáoradh a naisgidh ré na ghrásuibhsean trés an bhfúasgladh do rinneadh lé Híosa Críosd:
25. Noch do órduigh Día na cheann réightigh tré chreideamh ann a fhuil, chom a fhíréantachda dfoillsiughadh, tré mhaithmheachas na bpeacadh do chuáidh tharuinn, a bhfoighid Dé;
26. Chum a fhiréantachda féin dfoillsiughadh ann sa naimsirsi do lathair ionnus go mbíadh sé féin ceart, agus go sáorfadh sé an té atá do chreideamh Iósa.
27. Ar a nadhbharsin cáit a bhfuil an mhórdhháil? Atá sí ar na cur amach. Cía an dligheadh? an tré dhligheadh na noibreacha? Ní headh, achd tré dhligheadh an chredimh.
28. Measamuid ar a nadhbharsin gur lé creideamh sháorthar an duine a néagmhuis oibreach an dlighe.
29. An leis na Iúdaighibh amháin Día? a né nach leis na Cineadhachuibh é mar an ccéadna? Go deimhim a sé Día na Gcineadhach é leis:
30. Oír is éin Ndía sháorfas an timcheallghearradh ó chreideamh, agus an neamhthimcheallghearradh tré chreideamh.
31. Uime sin a ndéunmáoid an dligheadh neamhthabhachdach tré san gcreideamh? Nár léige Día sin: achd fós, neartuighemíd an dligheadh.