Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Philémoin 1:5-14 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

5. (Do bhrigh go gcluínim iomrádh do ghrádhasa agus an chreidim, atá agad a dtáobh an Tíghearna Iósa, agus a dtáobh na nuile náomh;)

6. Ionnus go mbíadh cumann do chreidimh éifeachdach a nadmháil na huile mhaitheasa atá ionnuibh tré Iósa Críosd.

7. Oír is mór an gáirdeachas agus an solás atá aguinn an do ghrádhsa, do bhrígh go bhfúaradar innighe na náomh furtachd thríodsa, a dhearbhráthair.

8. Uime sin, bíodh gur féidir leam bheith ro dhána a Gcriosd ris an ní atá iomchubhaidh dáithníughadh dhíot.

9. Gidheadh cheana tré ghrádh is usa liom impidhe chur ort, ar mbeíth dhamh mar Phól fhoirfe, agus a noir fós um phríosúnach ar son Iósa Críosd.

10. Guidhim thu air son mom hic Onesimus, noch do gheinmé a ngéibheanuibh:

11. An tí do bhí ar úairibh neamhtharbhach dhuit, achd a nois atá ró-tharbhach dhuitse agus damhsa:

12. Noch do chuir mé ar a ais: agus gabhsa chugad é, mar mo chroídhe féin:

13. Noch bá mían riumsa a chongmháil um fhochair féin, ionnus go ndéunadh sé miniosdralachd damh a tionadsa, a gcuibhrighibh an tsoisgéil:

14. Gidheadh níor áontuigh mé éinní dhéunamh gan do thoilse; ionnus nach bíadh do mhaithse amhuil tré éigean, achd do réir do thola féin.

Léigh chaibidil críochnaithe Philémoin 1