Caibidlí

  1. 1

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Philémoin 1 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil I

Impidhe ar Philemoin, maitheamhnas fhior-chriosduighe thabhair dá óglach annsa dioghbhail do dhearnadh.

1. Pol, priosúnach Iósa Críosd, agus an dearbhrathair Timoteus chum Philémoín ionmhuin, agus ar bhfear cabhartha,

2. Agus chum Apphia ghrádhach, agus chum Archippuis ar gcoimhfhior coguidh, agus chum ne heaglaisi atá ad thigh:

3. Grása maille ribh, agus síothcháin, ó Dhía ar Nathair agus ón Dtíghearna Iósa Críosd.

4. Beirim buidheachus rém Dhía, ag sior chuimhneadh ortsa um urnuighibh,

5. (Do bhrigh go gcluínim iomrádh do ghrádhasa agus an chreidim, atá agad a dtáobh an Tíghearna Iósa, agus a dtáobh na nuile náomh;)

6. Ionnus go mbíadh cumann do chreidimh éifeachdach a nadmháil na huile mhaitheasa atá ionnuibh tré Iósa Críosd.

7. Oír is mór an gáirdeachas agus an solás atá aguinn an do ghrádhsa, do bhrígh go bhfúaradar innighe na náomh furtachd thríodsa, a dhearbhráthair.

8. Uime sin, bíodh gur féidir leam bheith ro dhána a Gcriosd ris an ní atá iomchubhaidh dáithníughadh dhíot.

9. Gidheadh cheana tré ghrádh is usa liom impidhe chur ort, ar mbeíth dhamh mar Phól fhoirfe, agus a noir fós um phríosúnach ar son Iósa Críosd.

10. Guidhim thu air son mom hic Onesimus, noch do gheinmé a ngéibheanuibh:

11. An tí do bhí ar úairibh neamhtharbhach dhuit, achd a nois atá ró-tharbhach dhuitse agus damhsa:

12. Noch do chuir mé ar a ais: agus gabhsa chugad é, mar mo chroídhe féin:

13. Noch bá mían riumsa a chongmháil um fhochair féin, ionnus go ndéunadh sé miniosdralachd damh a tionadsa, a gcuibhrighibh an tsoisgéil:

14. Gidheadh níor áontuigh mé éinní dhéunamh gan do thoilse; ionnus nach bíadh do mhaithse amhuil tré éigean, achd do réir do thola féin.

15. As dóigh gur ab uime dimthigh sé ar feadh tamuill, ionnus go nglacfá é go síorruidhe;

16. Ní mar shearbhfhoghantuighe feasda, achd ós cionn shearbhfhoghantuighe, na dhearbhráthair ghrádhach, go háirighe dhamhsa, a né nach mo ná sin duitse, sa gcoluinn agus sa Dtíghearna?

17. Uime sin má atá cumann eadrad agus misi, gabh chugad é mar mé féin.

18. Agus má rinne sé dioghbháil air bith dhuit nó má dhligheann tú éinní dhe, bíodh sé um leithse;

19. Misi Pól do sgríobh so rém láimh féin, do bhéur díoluidheachd uáim: bíodh nach abruim riot, go ndlighim thú féin fós ós a cheann sin díot.

20. A seadh, a dhearbhráthair, faghuim gáirdeachas uáid sa Dtíghearna: cómhfurtuigh mo chroídhe sa Dtíghearna.

21. Do sgríobh mé chugad, ar mbeith dhamh munighneach as húmhlachd, ar mbeith a fheasa agam go ndéuna tú ní sa mhó ná mar a deirim.

22. Agus maille ris sin ullmhuigh lóisdín damh: óir atá muinighin agum go bpronnfuighear dhíbh me tré bhur nurnuighíbh.

23. Cuiridh Epaphras (mo chómhphriosúnach a Niósa Críosd,)

24. Marcus, Airistarchus, Démas, agus Lúcas, mo chómhluchd cábhartha, mbeannachd chugad.

25. Grása ar Dtíghearna Iósa Críosd ré bhur sbioruid. Amen.