Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 5:20-38 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

20. Oír a deirim ribh, Muna sáruighidh bliur bhfíreantachdsa fíreantachd na sgríobuigheadh agus na phairisíneach, nach rachdaói a steach sa bhflaitheas neamhdha go bráth.

21. Do chúalabhair go ndubhradh ris na seinnsearaibh, Na déuna dúnmharthadh; agus gidh bé do dhéanas dúnmharbhadh biaidh sé cionntach ó bhreitheamhnas:

22. Achd a deirimsi ribh, Gach neach do ní fearg re na dhearbhráthair gan adhbhar budh cionntach don bhreitheamhnus é: agus gíodh bé neach a déaruidh ré na dhearbhráthair, Raca, budh cionntach do bhreith na comhairle é: agus giodh bé a déaruidh, A amadain, budh cionntach é do theinigh ifeirn.

23. Uime sin ma thugann tú do thabhartus chum na lialtóra, agus go gcuimhneochaidh tú ann sin go bhfuil ní ar bith ag ad dhearbhrathair a daghaidh;

24. Fágaibh do thabhartus ann sin a bhfiaddhnuisi na haltóra, agus imthigh; agus ar tús réidhigh réd dhearbhrathair, agus tar éisi sin ar dteachd duit tabhair uáit do thiodlacadh.

25. Réidhigh go lúath réd easgcaruidm an feadh bhiás tú na fhochair sa tslighe; deagla go dtiobhradh teascara don bhreitheamh thú, agus go dtiobhradh an bhreitheamh thú don mháor, agus go dteilgfidhthi a bpríosún thú.

26. A deirim riot go fírinneach, Nach rachaidh tú as sin a mach, nó go míoca tú an fheórling dheigheanach

27. Do chúalabhair go ndubhradh ris na seinsearaibh, Ni dhéana tú adhaltrannas:

28. Achd a deirimsi ribh, Giodh bé neach fhéuchas air mhnáoi chum a sanntaighthe go ndearnuidh sé adhaltrannas lé cheana ann a chroidhe.

29. Ar a nadhbharsin mas cionntach do shúil deas, bean asad í, agus teilg uáit í: óir is fear dhuit aónbhall dod bhallaibh do dhul a múgha, na do chorp uile do theilgean go hifearn.

30. Agus má bheir do lámh dheas sgannail dhuit, gear dhiot í, agus teilg uait í: óir is fear dhuit áonbhall dod bhallaibh do dhul a múgha, na do chorp uile theilgean go hifearn.

31. Agus a dubhradh, Giodh bé leígtheas a bhean, tabhradh sé leitir dhealaighthe dhi:

32. Achd a deirimsi ribh, Giodh bé neach léigfeas a bhean, (achd amháin ar son adhaltrannais,) go dtugann se uirrthe adhaltrannas do dhéunamh: agus an té do bhéaraidh an bheansin do léigeadh do ní sé adhaltrannas

33. Mar an gcéadna, do chúalabhair go ndubhradh ris na seinsearaibh, Ní thiobruidh tú héitheach, achd do dhéana tú do mhóid don Tighearna:

34. Achd a deirimsi ribh, Na tabhruidh mionna ar bith; na tabhruidh neamh; óir a sé caithír Dé é:

35. Na tabhraidh an talamh; óir a sé sdól a chos é: na tabhruidh Ierusaléim; óir a si cathair an Rígh mhóir í.

36. Na tabhair do cheann fein már mhionna, óir ní héidir riot áonruibe do dhéanamh geal na dubh:

37. Achd go madh é bhús comhrádh dháoibh, A seadh, a seadh; Ni headh, ni headh: achd gidh bé ní bhías as a gcionn so is ó nolc atá sé.

38. Do chúlabhair go ndubhradh, Súil ar son súile, agus fíacail ar son fíacaile:

Léigh chaibidil críochnaithe Mhata 5