Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Mhata 5 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

Caibidil V

Seanmóir Chríosd ar an tsléibh, in a bhfuil na hocht beannuigheadh, agus míniughadh an reachd.

1. Agus an tan chunnairc an slúagh, do chuáidh sé súas ar shliabh: agus ar suighe dhó tangadar a dheisgiobuil chuige:

2. Agus ar nosgladh a bhéil dhó, do theagaisg sé iád, ag rádh,

3. Is beannuighthe na boichd a sbioruid óir is leó ríoghachd neimhe.

4. Is beannuighthe na daóine do ní dobhrón: óir do gheabha said sólás.

5. Is beannuighthe na daóine ceannsaighe: óir bíaidh oighreachd na talmhan aca.

6. Is beannuighthe an dream air a bhfuíl ocras agus tart na córa: óir sáiseochthar iád.

7. Is beannuighthe na daóine trócaireacha: óir do gheabha said trócaire.

8. Is beannuighthe na daóine na dáoine atá glan ná gcroidhe: óir do chífidh said Día.

9. Is beannuighthe luchd na siothchána do dhéanamh: óir goirfidhthear clan Dé dhiobh.

10. Is beannuighthe an dream fhuilngeas dochar ar son na córa: óir is léo ríoghachd neimhe.

11. Is beannuighthe bheithí, an tan imdheargfuid dáoine sibh, agus dhibeoruid sibh, agus a déuruid gach uile dhrochfhocal ribh go bréugach, ar mo shonsa.

12. Biodh gaírdeachas, agus luáthgháir óruibh: óir is mór bhur lúaidheachd ar neamh: óir is mar sin do ghérleanadar na faidhe thaínic romhaibh.

13. Is sibhsi salann na tulmhan: gidheadh dá ccaillfeadh an salann a bhlas, creúd lé a saillfidhthear é? ni bhfuil féidhm air ó sin súas, achd a thilgean a mach, agus a shailart fá chosaibh dáoine.

14. Is sibhsi solus an domhain. Ní héidir cathair atá ar na suighiughadh ar shlíabh dfolach.

15. Agus ní lasaid dáoine coinneal do, chum go gcuirfidis fa bhéul buiséal í, achd a gcoinnléoir; agus ní sí solas dá a mbíonn a stigh.

16. Go madh mar sin dhealróchus bhur soillsisi a bhfíaghnuisi na ndáione, a gcrúth go bhfaicfidh said bhur ndeaghoibrighthe, agus do dtiobhruid glóir dá bhur Nathair atá ar neamh.

17. Na measaidh go dtaínic misi do sgáoileadh an dlighidh, nó ná bhfaigheann: ní dá sgáoileadh thainic mé, achd dá gcoimhlionadh.

18. Oir a deirim ribh go firinneach, No go ndeachaidh neamh agus talamh thort, ní rachaidh éan iota na áonphunc don dligheadh thort, nó go gcoimhlíontar gach éin ní.

19. Ar a nadhbharsin giodh bé neach bhrisfeas áonaithne do na haitheantaibh robheagaso, agus theagaisgfeas na dáoine mar sin, goirfidhthear dhe an duine is lúgha a rioghachd neimhe: achd giodh bé neach dhéanas agus theagaisfeas iád, goirfidh thear duine mór dhe a rioghachd neimhe.

20. Oír a deirim ribh, Muna sáruighidh bliur bhfíreantachdsa fíreantachd na sgríobuigheadh agus na phairisíneach, nach rachdaói a steach sa bhflaitheas neamhdha go bráth.

21. Do chúalabhair go ndubhradh ris na seinnsearaibh, Na déuna dúnmharthadh; agus gidh bé do dhéanas dúnmharbhadh biaidh sé cionntach ó bhreitheamhnas:

22. Achd a deirimsi ribh, Gach neach do ní fearg re na dhearbhráthair gan adhbhar budh cionntach don bhreitheamhnus é: agus gíodh bé neach a déaruidh ré na dhearbhráthair, Raca, budh cionntach do bhreith na comhairle é: agus giodh bé a déaruidh, A amadain, budh cionntach é do theinigh ifeirn.

23. Uime sin ma thugann tú do thabhartus chum na lialtóra, agus go gcuimhneochaidh tú ann sin go bhfuil ní ar bith ag ad dhearbhrathair a daghaidh;

24. Fágaibh do thabhartus ann sin a bhfiaddhnuisi na haltóra, agus imthigh; agus ar tús réidhigh réd dhearbhrathair, agus tar éisi sin ar dteachd duit tabhair uáit do thiodlacadh.

25. Réidhigh go lúath réd easgcaruidm an feadh bhiás tú na fhochair sa tslighe; deagla go dtiobhradh teascara don bhreitheamh thú, agus go dtiobhradh an bhreitheamh thú don mháor, agus go dteilgfidhthi a bpríosún thú.

26. A deirim riot go fírinneach, Nach rachaidh tú as sin a mach, nó go míoca tú an fheórling dheigheanach

27. Do chúalabhair go ndubhradh ris na seinsearaibh, Ni dhéana tú adhaltrannas:

28. Achd a deirimsi ribh, Giodh bé neach fhéuchas air mhnáoi chum a sanntaighthe go ndearnuidh sé adhaltrannas lé cheana ann a chroidhe.

29. Ar a nadhbharsin mas cionntach do shúil deas, bean asad í, agus teilg uáit í: óir is fear dhuit aónbhall dod bhallaibh do dhul a múgha, na do chorp uile do theilgean go hifearn.

30. Agus má bheir do lámh dheas sgannail dhuit, gear dhiot í, agus teilg uait í: óir is fear dhuit áonbhall dod bhallaibh do dhul a múgha, na do chorp uile theilgean go hifearn.

31. Agus a dubhradh, Giodh bé leígtheas a bhean, tabhradh sé leitir dhealaighthe dhi:

32. Achd a deirimsi ribh, Giodh bé neach léigfeas a bhean, (achd amháin ar son adhaltrannais,) go dtugann se uirrthe adhaltrannas do dhéunamh: agus an té do bhéaraidh an bheansin do léigeadh do ní sé adhaltrannas

33. Mar an gcéadna, do chúalabhair go ndubhradh ris na seinsearaibh, Ní thiobruidh tú héitheach, achd do dhéana tú do mhóid don Tighearna:

34. Achd a deirimsi ribh, Na tabhruidh mionna ar bith; na tabhruidh neamh; óir a sé caithír Dé é:

35. Na tabhraidh an talamh; óir a sé sdól a chos é: na tabhruidh Ierusaléim; óir a si cathair an Rígh mhóir í.

36. Na tabhair do cheann fein már mhionna, óir ní héidir riot áonruibe do dhéanamh geal na dubh:

37. Achd go madh é bhús comhrádh dháoibh, A seadh, a seadh; Ni headh, ni headh: achd gidh bé ní bhías as a gcionn so is ó nolc atá sé.

38. Do chúlabhair go ndubhradh, Súil ar son súile, agus fíacail ar son fíacaile:

39. Achd cheana a deirimsi ribh, Na cuiridh a naghaidh a nuilc: achd giodh bé neach bhúailfeas tú air do ghíall deas, iompóigh chuige fos an gíall oile.

40. Agus an té lér aba ill cúis bhreitheamhnuis do chuir ort, agus do chóta do bhúain diot, leíg leis do chlóca fós.

41. Agus giodh bé bhéuras leis ar feadh mile ar éigin tú, imthigh leis ar feadh dhá mhíle.

42. Tabhair ní don té iárfus ort é, agus giodh bé le nab mián airleagadh dfaghail uáid na fill uáid é.

43. Do chúalabhair go ndubhradh, Gráidheóchuigh tú do chomharsa, bíadh fúath agad dod námhaird.

44. Achd a deirimsi ribh, Bíodh grádh agaibh dá bhur naímhdibh, beannaighidh na dáoine mhallaigheas sibh, deunaidh maith do na dáoinibh ait ar beag sibh, agus deúnaidh urnaighthe ar son na muinntire bhuaidhreas sibh, agus dhíbreas subh;

45. Do chum go mbeith sibh bhur gcloinn ag bhur Nathair féin atá air neamh: óir do bheir seisean fa deara go néirghean a ghrían air na droch dhaoínibh agus air na deagh dhaóinibh, agus do ní sé fearthuinn air na firéunachaibh agus air na neimhfhiréunchuibh.

46. Oir na bhíonn grádh agaibh don mhuinntir agá bhfuil grádh dháoibh, creud é an lúaidheachd do ghéubhthaói? a né nach déunaid na Publiocáin an ni ceúdna?

47. Agus ma chuirthí fáilte roimh bhur ndearbhraithre féin amháin créud do níthi do bhárr air chách? A né deúnuid na puibliocáin mar an gcéudba?

48. Ar a nadhbharsin bídhidhsi deangmhálta, mar atá bhur Nathair atá air neamh deangmhálta.